Mála Spíosrach Medium-Rare LDT! Cad é Cuisine na hÉireann?

Bhí comhrá agam le hÉireannach i Músaem na Breataine i Londain le déanaí. D’iarr sí orm an raibh a leithéid de rud is cuisine na hÉireann ann. Dúirt mé léi go raibh, ach nach raibh sé chomh forbartha sin: blaa, cadal agus mar sin. “Cén fáth nach bhfuil níos mó ann?” ar sí. D’fhéach mé ar an Músaem thart orm ag cuimhneamh dom féin an bhféadfadh meafar níos oiriúnaí a bheith ann. Músaem atá lán go doras d’iontaisí an tsaoil a goideadh as tíortha iomadúla timpeall na cruinne. Pé scéal é ainneoin an choilíneachais, ainneoin na drochaeráide, ainneoin easpa mhillteanach bia tá bianna dúchais áirithe Éireannacha ann, cé gur gá dul ar a dtóir uaireanta.

Má théann tú chuig pub ar bith gach seans go mbeidh cúpla rogha Éireannach nó leath-Éireanach ann. Déanann Avoca agus Teach Bhaile Uí Mhaolmhuaidh (Ballymaloe House) rogha níos fearr fós a chur ar fáil agus cuireann leithéidí ANIAR i nGaillimh meascán de bhia traidisiúnta agus Eorpach ar fáil.

Seo daoibh thíos eolas ar bhianna Éireannacha nach raibh mórán de chur amach agam orthu. Ag deireadh báire déanaim iarracht biachlár lán-samhaltach mo bhialainne lán-Éireannaí a chruthú, feiscint cén chuma a bheadh air. Bí cinnte bualadh isteach orainn!

  1. Blaa: Is rolla aráin bog bán é an blaa. Samhlaítear le Port Láirge é go háirithe. Itheann daoine iad le him agus ispíní go minic mar blaa bricfeasta. Seans go dtagann an focal ó ‘blé’, ‘plúr’, nó ‘blanc’, na Fraincise.
  1. Mála Spíosrach: Bíonn an-trácht ar an Mála Spíosrach uasal na laethanta seo. Bia Éireannach é atá go mór faoi anáil chócaireacht an hÁise. Cad é go baileach? Sceallóga prátaí, sicín, piobair dhearga nó ghlasa, sillí, oinniúin is spíosraí. Go minic itear é le hanlann curaí nó anlann milis is searbh. Neam neam!
  2. Cáca Gur: Tá baint ag Cáca Gur le Baile Átha Cliath. Is éard atá ann ná meascán tiubh idir dhá chiseal taosráin. Grabhróga aráin, torthaí triomaithe agus rud éigin milis leis an iomlán a choinneáil le chéile a bhíonn ina lár. Cé go luaitear ‘gurrier’ mar bhunús le hainm an cháca meastar go dtagann an t-ainm ó ‘goor’ focal Indiach ar shiúcra garbh.
  1. Duileasc: Feamainn is ea duileasc a dtugtar ‘creathnach’ nó ‘palmaria palmata’ air chomh maith. Itear mar smailc bheag bia nó scroid é!
  1. Crúibíní: Cosa na muice is ea na crúibíní, agus béile ar leith é na cosa bruite seo. Ansin cuirtear fuidreamh orthu nó friochtar iad.
  1. Drisín: Putóg fola is ea an drisín. Tá sé níos glóthaí ná an phutóg dhubh agus measctar ann fuil bó, muice agus/nó fuil caorach le bainne, salann agus saill. Tá cáil ar leith air mar chuid den bhéile ‘packet and tripe’ a itear i gCorcaigh.
  1. Cadal: Béile é an cadal a bhfuil a cháil ag leathnú (an scéal ag scaipeadh ar líne go speisialta!). Déantar le prátaí, bainne, im, bagún, oinniúin, glasraí, salann agus piobar é de ghnáth, ach bíonn a leagan féin ag go leor. Tá baint ar leith aige le Baile Átha Cliath. Deirtear gurb é cadal an béile ab fhearr le Jonathan Swift! Is minic go mbíonn eorna agus Guinness ann leis.
  1. Bairín breac: Is císte é an bairín breac. Arán giosta é ina mbíonn rísíní agus dlúthbhaint aige le hOíche Shamhna. Is minic a chuirtear fáinne beag i bhfolach sa chíste agus an té a aimsíonn é deirtear go bpósfaidh sé nó sí go luath. Bí cinnte a lua le do bhuachaill/cailín go bhfuil fáinne folaithe agat sa chíste ar eagal go n-alpfaidís siaran diamant!
  1. Bacstaí: Is éard is bacsta nó ‘steaimpí’ ann ná cáca d’fhataí amha a dhéantar a chócaráil ar an bhfriochtán nó ar an ngrideall.
  1. Spíosbhurgair: Mionsa, oinniúin agus spíosraí a bhíonn iontu seo agus déantar an t-iomlán a chlúdach le grabhróga speisialta. Cumadh iad luath sna 1950idí. Ba iad an chéad táirge ón mbúistéir muiceola Maurice Walsh i nGlas Naíon iad. Cloisim gur fearr iad a fhriochadh go domhain sa sceallóglann áitiúil!
SCÉALTA EILE