Na beoracha is mó ól ar domhan

Gan amhras, is é ceann de na rudaí is fearr faoina bheith ag taisteal go tíortha eile ná an seans a fháil chun triail a bhaint as cuid de bhia agus de dheochanna na háite.

Bíodh sé sa Spáinn atá tú, ag ithe paella agus gloine sangría i do lámh, nó sna Stáit Aontaithe agus an hotdog is mó dá bhfaca tú riamh á ithe agat, is gné ar leith d’eispéireas an taistil é bheith ag ithe go háitiúil.

Ar a bharr sin, taobh amuigh de na hionaid saoire, is minic nach bhfaighfidh tú an pionta céanna is a ólann tú de ghnáth.

Ach cén fáth a mbeifeá á iarraidh sin cá bith, nuair atá an iliomad beoracha éagsúla ar fáil thar lear?

Leis sin a léiriú, tá léarscáil thar a bheith suimiúil cruthaithe ag vinepair.com ina bhfuil na beoracha is mó ól de réir gach tír ar domhan.

beer-world-map-3000-full-web

Ní nach ionadh go bhfuil pionta dubh Guinness ar an deoch meisciúil is mó tóir inár dtír féin, agus muid clúiteach dá bharr, ach cuirfidh cuid de na torthaí eile iontas ort.

Is é Carling an bheoir is fearr lenár gcomharsana i Sasana, tá dúil ollmhór ag muintir Cheanada in Budweiser agus b’fhearr leis na Meiriceánaigh a dheirfiúr níos éadroime, Bud Light.

Cuirfear suim fosta san ainm atá ar an leann is mó sa Túinéis – Celtia!

An bheoir is mó ól ar domhan ar fad, áfach?

Sa tSín, cruthaíonn déantóirí Snow timpeall 61 milliún heictilítear dá mbeoir in aghaidh na bliana – sin é 6.1 BILLIÚN lítear den bheoir gach bliain.

Anois, cá bhfaightear leigheas ar an phóit seo?

SCÉALTA EILE