Ar Lá seo na bPancóg, tá an t-oideas is simplí ar domhan aimsithe againn daoibh nach n-úsáideann ach dhá chomhábhar!
Bananaí agus uibheacha….sin an méid!
Lán próitéine agus íseal ó thaobh geire de, slán ó dhéirí agus ó ghlútan, is rogha mhaith iad na pancóga seo do bhricfeasta, smailc iarnóna nó oíche.
Folláin, blasta agus milis…cad é eile a bheadh uait!
Mura gcreideann sibh muid…leanaigí na céimeanna beaga thíos agus bíodh lá na bpancóg sona agaibh!
1.) Déanfaidh dhá ubh agus banana measartha mór duine amháin. Más triúr atá i gceist, úsáid 6 ubh agus 3 bhanana!
2.) Úsáid forc chun brúitín a dhéanamh de na bananaí ar phláta.
3.) Ansin, gread na huibheacha i mbabhla leo féin, sula gcuireann tú na bananaí brúite isteach leo.
4.) Bí ag súil leis an mheascán a bheith níos leachtaí ná gnáthfhuidreamh a shamhlaítear le pancóga.
5.) Chuige sin, oibríonn sé níos fearr nuair a choinníonn tú na pancóga deas beag. Úsáid dhá spúnóg thábla le haghaidh gach pancóige. Déanfaidh sé seo pancóga 3 – 4 orlach ar leithead.
6.) Cuir an panna ag dul ar theas measartha agus caith rúinín beag ime nó ola isteach ann ionas nach ngreamaíonn an meascán den phanna.
7.) Is leor nóiméad ar gach taobh. Úsáid an spadal agus iompaigh an phancóg bunoscionn! Nuair atá siad réidh ar an dá thaobh, is féidir iad a théamh san oigheann go mbeidh roinnt déanta agat.
8.) Ar ndóigh, tá pancóga deas le him, le siúcra, líomóidí nó torthaí! Bígí cruthaitheach agus bainigí súp!
Pancóga……..mmmmmmmm!