Ní ann don veigeatóireachas

Ní féidir bheith i d’fheoilséantóir. Itheann tú ainmhithe nó is veigeán tú, níl aon áit eatarthu, a deir Ciarán Dunbar


Tá aithne agam ar go leor daoine atá ina veigeatóirí, ní itheann siad feoil ar bith ach itheann siad táirgí déiríochta agus itheann siad uibheacha.

Ní fiú sin.

Cén fáth?

Mar, más sin do rogha, faigheann ainmhithe bás cibé ar bith.

Go deimhin ba chirte iad a ithe.

Tá sé seo mínithe agam le daoine le tamall anuas ach ní chreideann siad mé.

Is cosúil go bhfuil an fhírinne ró-gharbh dóibh, mar sin tá sé in am dom na fíricí a leagan amach:

Tá tuairim ar 2.2 milliún cearc ubh-bhreithe i bPoblacht na hÉireann.

Tá an chuid is mó acu sin gafa i gcásanna cúbarnaí (battery cages) ar feadh a saoil, cé go bhfuil siad beagáinín níos fearr as ná mar a bhí roimhe seo – ach sin scéal eile.

Ach abair liom, agus smaoinigh air seo anois, meas tú go bhfuil 2.2 milliún coileach ann ar fheirmeacha sa Phoblacht (tá 50% de na sicíní ubh-bhreithe a thagann ar an tsaol ina gcoiligh ar ndóigh), iad ag maireachtáil leo go sona sásta go dtí go bhfaigheann siad bás go nádúrtha?

Níl leoga.

Is í an fhírinne ná go gcuirtear na coiligh chun báis nóiméid tar éis go mbriseann siad amach as an ubh.

Déantar sin le gás nó, níos coitianta, ‘go meicniúil’.

Is é sin le rá go gcaitear iad ar lanna guairneacha, ‘maothú’ (maceration) a thugtar air.

Seans go bhfuil cuid agaibh in amhras go fóill ach seo an fhírinne (ná hamharc ar na físeáin seo má ghoilltear ort go furasta):



Is cuma má tá d’ubh orgánach, saor-raoin nó rud ar bith eile, tarlaíonn an rud ceannann céanna.

Ní féidir na sicíní fireannacha a choinneáil, ní fiú é ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, agus ní fiú iad a thógáil ar mhaithe lena gcuid feola ach an oiread.

Is féidir an cleachtas sin a cháineadh ach má itheann tú féin uibheacha, tá tú féin chomh páirteach sa slad seo is atá duine ar bith eile.

Maith go leor, a deir cuid agaibh, ólaim bainne agus ithim cáis – bíonn saol ag na laonna fireannacha agus ansin maraítear iad ar mhaith lena gcuid feola.

Seans, ach is minic nach amhlaidh an cás.

Is den phór Freaslannach (Friesian) tuairim is 99% de na tréada déiríochta in Éirinn.

Ní fiú mórán iad ó thaobh na feola de, is é sin le rá nach fiú iad a thógáil ar mhaithe lena gcuid feola.

Mar sin féin, le blianta anuas tá iarracht ar bun chun é seo a dhéanamh go brabúsach.

Is minic anois áfach go n-easpórtáiltear iad agus go dtógtar iad ar son laofheola.

In 2007 tháinig feabhas ar na coinníollacha ina dtógtar na gamhna san Eoraip ach is gearr an saol a bhíonn acu go fóill:



Ar an drochuair, is minic nach féidir bealach brabúsach a aimsiú chun iad a thógáil agus scaoiltear chun báis iad díreach tar éis go mbeirtear iad.

Níor mhaith le feirmeoir ar bith sin a dhéanamh, ach cén rogha atá acu?

Ar ais chuig tús an scéil mar sin.

Fiú mura n-itheann tú feoil, má ólann tú bainne nó má itheann tú cáis / iógart / uachtar / im nó uibheacha, faigheann ainmhithe bás mar gheall ar do ghníomh.

Sin í an fhírinne gharbh.


Is iriseoir Ciarán Dunbar a bhfuil cónaí air sa Dún Theas. Maraíonn sé agus itheann sé ainmhithe.

SCÉALTA EILE