Níl aon ghanntanas bia saor ó ghlútan i gCathair na Gaillimhe

Shocraigh mé féin agus mo bhuachaill dul amach ar choinne oíche Aoine seo caite. B’fhada an lá ó bhí date night ceart againn agus bhí muid ag éirí giota corrthónach sa teach agus muid ag iarraidh an mhí is faide sa bhliain a chur tharainn. Isteach linn go gealchathair na Gaillimhe agus chuig an bhialann leis an carbonara is fearr sa taobh seo tíre – Mona Lisa.

Bhí an bheirt againn sona sásta agus ár steall pasta faighte againn. Tá Colm ina chéiliach agus cuireann Mona Lisa miasa pasta gan ghlútan ar fáil atá chomh deas le rud ar bith a gheofá san Iodáil.

Caithfidh mé a rá nach raibh mé an-eolach ar an ghalar chéiliach go dtí gur bhuail mé leis trí bliana ó shin. Bhí a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann ach níor thuig mé an méid tionchair a bhíonn ag an ghalar ar shaol laethúil an duine.

Cé go bhfuil mé féin in ann glútan a ithe, bíonn sé iontach tábhachtach go bhfreastalaíonn cibé áit ina bhfuil muid ag ithe ar riachtanais s’aige agus go mbíonn go leor roghanna ar fáil dó, ionas go mbeidh an bheirt againn ábalta béile a bheith againn le chéile agus sult a bhaint as ag an am chéanna.

Más céiliach atá ionat féin agus má tá tú ag lorg moltaí bia i gCathair na Gaillimhe, ní gá a thuilleadh cuardaigh a dhéanamh. Tá liosta chomh fada le do lámh curtha le chéile agam thar na blianta.

Tosóidh mé le High Café, bialann Mharacach ar an tSráid Ard. Ní thig liom smaointiú ar áit ar bith níos deise i ndáiríre. Más píotsa gan ghlútan atá uait, níl a shárú ann. Déanann siad miasa pasta gan ghlútan fosta (mholfainn an Tagliatelle Polo Funghi) agus tá roinnt roghanna blasta eile acu – briogúin, calamari agus go leor leor tagines. Téann muid ann go minic agus ní raibh drocheispéireas againn riamh. 10/10!

Bíonn High Café measartha gnóthach, áfach, agus mar sin de ní hé an rogha is fearr é le hordú ar líne. Mholfainn Woozza le haghaidh píotsa le tabhairt leat. Tá siad ábalta beagnach achan rogha píotsa atá acu a dhéanamh saor ó ghlútan agus tá siad thar a bheith blasta. 

Ní itheann muid burgair go rómhinic ach is deacair Handsome Burger a bhualadh. Bíonn táille €2.50 ar bhorróg bhurgair gan ghlútan agus níl sé ar an áit is saoire ar aon nós, ach bíonn sé mar phléisiúr beag againn anois agus arís. 

Bíonn sé go deas atmaisféar na cathrach a shú isteach ar an Satharn agus is maith liom a bheith i mo thurasóir go fóill, cé go bhfuil roinnt blianta caite agam i gCathair na dTreabh faoin am seo. Níl áit ar bith níos fearr le bheith i do thurasóir ceart ná Taaffes ar Shráid na Siopaí. Níl a fhios agam an bhfuil áit ar bith níos lárnaí sa chathair! Bíonn an áit seo dubh le daoine i gcónaí, ach má bhíonn an t-ádh ort bord a fháil ann, bain triail as na ceapairí tóstáilte saor ó ghlútan atá acu. Rogha iontach eile is ea The Dáil ar an tSráid Láir, le pub grub saor ó ghlútan den scoth, neart roghanna óil, go leor leor spáis agus ceol beo.

Níl ach leigheas amháin ar an phóit agus is é sin béile mór Meicsiceach. Tá Boojum go deas agus is féidir babhla go hiomlán saor ó ghlútan a chruthú – níl glútan ar bith in aon cheann de na roghanna feola. É sin ráite, níl aon sárú ar Tucos ar Shráid an Gheata Bhig. Tá uisce le mo chuid fiacla ag smaointiú anois air fiú! Is breá liom suí isteach anseo agus, cé go mbíonn sé dochreidte deas gach uile bhabhta, níl dabht ar bith go gcuireann sé bail ort i ndiaidh oíche mhór ar an drabhlás.

Caithfidh mé an tÓstán Pháirc Mhionlaigh ar Bhóthar na dTreabh a lua san alt seo, a bhfuil níos mó ná 90% den bhiachlár s’acu ar fáil go hiomlán saor ó ghlútan. Ní ag magadh atá mé! Burgair, sicín friochta, pasta, píotsa, eití sicín, stéig, naitseónna, císte cáise, donnóga, níl rud ar bith nach bhfuil acu. Seoidín amach is amach is ea í agus bhí iontas an domhain ar an bheirt againn nuair a tháinig muid uirthi. Is fiú dul ann.

Is cinnte nach bhfuil aon ghanntanas bia saor ó ghlútan i gCathair na Gaillimhe mar sin, agus is léir go gcaitheann muid go leor ama ag baint sult as a bheith ag ithe agus ag spraoi sa chathair!

SCÉALTA EILE