Oideas ‘Anraith Elena’ roinnte saor in aisce ag An Lon Dubh

Tá ceann de na hoidis a bhfuil tóir mhór ag pobal Bhéal Feirste orthu sceite saor in aisce ag caifé Gaelach sa chathair toisc nach féidir leis na gnáthchustaiméirí teacht chomh fada leis an áit i láthair na huaire. 

Cothrom an ama seo anuraidh osclaíodh caifé nua Gaelach i mBéal Feirste agus le bliain anuas tá an-tóir ag cainteoirí Gaeilge na cathrach sin ar ‘An Lon Dubh’, atá lonnaithe in íochtar Áras Raidió Fáilte. 

Ar ndóigh, tá an caifé dúnta le cúpla seachtain anuas mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an víreas corónach, agus níorbh fhéidir aon cheiliúradh a dhéanamh ar an gcéad bhliain a bheith curtha díobh acu. 

Tá cáil an bhia fholláin ar an Lon Dubh agus biachlár leathan sláintiúil acu, agus bíonn an-tóir ag custaiméirí ar ‘Anraith Elena’. 

Seo daoibh an t-oideas:

https://twitter.com/anlondubh/status/1247825748339154946
SCÉALTA EILE