Pancóga don duine dearmadach

Seans go raibh tú an-ghnóthach ar obair nó ar ollscoil inniu – nó b’fhéidir nach ndearna tú mórán! – ach ar chúis éigin tá deireadh an lae ann & dearmad déanta agat gurb é inniu Lá na bPancóg. Seo chugaibh an t-oideas is simplí ar domhan don duine dearmadach! 


An bunús a bhí ann le Máirt na bPancóg ná gach rud sa stóras a úsáid roimh an Charghas, nuair a d’éirigh daoine as na rudaí milse deasa ar an saol seo.

Don ghastranómaire, mar mise, ní maith tréimhse ar bith a bheith ag staonadh ó rudaí deasa ach is fiúntach an rud é, thall is abhus, an cófra a fholmhú.

Seo an t-oideas is bunúsaí daoibh mar sin, oideas a úsáidim le daoine óga agus as a mbaineann siad an-sult.

Bígí cinnte an chócaireacht seo a dhéanamh go háirithe má tá má tá páiste fán teach.

Beidh siad breá ábalta ag an oideas simplí seo agus cothóidh tú cuimhní cinn na bpancóg do na blianta amach romhainn, nó b’shin a tharla i dteach s’agamsa ar scór ar bith!


Comhábhair agus Modh 

– Plúr
– Bainne
– Ubh

bainne


1. Doirt an bainne isteach agus tú á mheascadh leis na huibheacha agus an plúr.

2. Déan cinnte go bhfuil an meascán mín, gan cnapanna.

3. Faigh an friochtán is mó agus is troime atá agat agus déan é a théamh.

4. Doirt an meascán isteach ar fhriochtán tirim te.

5. Tiontaigh bun os cionn agus é déanta ar thaobh amháin (thart ar 2-3 bomaite).

6. Ith iad le cibé atá agat sa cófra mar dhinnéar, mar mhilseog nó mar bhricfeasta an mhaidin dar gcionn!

Lá na bPancóg sona daoibh!

SCÉALTA EILE