‘Píb-leanna’ ag féile rac sa Ghearmáin


Tá a fhios againn uilig go n-óltar neart piontaí ag ceolchoirmeacha sa bhaile agus i gcéin ach féile lena píblíne speisialta bheorach féin?

Is cinnte gur forbairt nua í seo!

Is féile rac crua í Wacken Open Air a thiteann amach i dtuaisceart na Gearmáine gach bliain i mí Lúnasa.

Thar 3 lá tagann thart ar 75,000 racaire chuig láthair na féile, gach duine acu ag ól 9 bpionta ar an mheán.

In ionad leoraithe móra ag teacht isteach leis an leann agus ag scriosadh na timpeallachta, tá sé beartaithe i mbliana píblíne a leagan faoin talamh chun beoir a sholáthar don fhéile.

Cuireadh tús leis an obair an tseachtain seo agus sínfidh an phíblíne 7km sa deireadh ón stóras beorach go dtí na mílte gloine ar an láthair.

Beidh seirbhís ólacháin ar leith ag muintir na féile mar sin agus iad ag racáil leo in éineacht le Megadeth, Alice Cooper agus Trivium.

An mbeidh a leithéid ag Féile na Gealaí i mbliana, meas sibh?


Breis eolais faoi Wacken Open Air ar wacken.com

SCÉALTA EILE