Pillimis ar an dúchas agus an dea-bhia

Cistin an tí agus lón mór leagtha romham. Bhí an cupán tae in aice le mo phláta mór pónairí agus arán rósta faoi bhealadh mór ime — bhí mé faoi dheifir an lá sin, admhaím!

Charn mé na pónairí go cúramach ar phíosa den arán rósta agus mé ar mo mhíle dícheall gan ligean do na pónairí titim ar mo gheansaí!

“Nach bhfuil a fhios agat,” arsa an deartháir agus mé ar tí an chéad ghreim a shá i mo bhéal, “nach bhfuil éalú ar an bhia ollphróiseáilte sa lá atá inniu ann — na pónairí sin agat go fiú!”

Níor luaithe a bhain mé mo shúil den sprioc, an t-arán rósta agus na pónairí, gur thit pónaire amháin de phlab go pláta agus pónaire eile ina dhiaidh sin – go dtí go raibh siad á gcaitheamh féin amach go linn mhór anlann trátaí, agus ar mo gheansaí chomh maith ar ndóigh!

“Cad chuige faoi Dhia nár inis tú seo dom i ndiaidh dom mo chraos a dhéanamh?” arsa mise go grod leis.

“Shíl mé go raibh suim agat sa tsláinte,” a dúirt sé.

“Bhuel, bhí agus tá, ach ní nuair atá mé díreach ag suí chun boird!”

D’éist mé leis cá bith agus údar mór amháin imní a bhí sa scéal a d’inis sé dom.

Dearbhaíodh i dtuairisc a rinneadh ar 19 dtír san Eoraip go bhfuil Éire ar an tríú tír is mó ann ina n-itear bia ollphróiseáilte.

Nó i mbeagán focal is bia próiseáilte é leathchuid de na bianna a bhíonn sa ghnáthchiseán siopadóireachta in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Smaoinigh air sin. Smaoinigh ar na himpleachtaí atá, agus a bheidh, ag an bhia sin ar ár sláinte. Agus cá bhfágfaidh sin an córas sláinte sa tír seo atá faoi bhrú mór cheana féin?

Ach bhain mé féin tátal eile as na figiúirí céanna. Is é sin, go bhfuil ár meon i leith an bhia i ndiaidh athrú ó bhonn. I saol seo na deifre, caitheann muid níos lú ama ná riamh ar bhia a réiteach agus is lú arís an suntas a thugann muid don bhia féin.

Bain amach as an phacáiste phlaisteach é, caith sa mhicreathonnán é agus caith siar é.

An t-oideas ab fhusa dá bhfaca tú riamh!

Ní haon iontas é gurb iad na tíortha is fearr a chruthaigh sa tuarascáil seo – an Fhrainc, an Iodáil, an Ghréig, an Phortaingéil — gur tíortha iad seo ina gcleachtar an chócaireacht mar is ceart sa bhaile.

Tá cultúr an bhia go smior iontu seo.

Is ealaín é an bia dar leo.

Ceannaíonn siad táirgí úra. Caitheann siad am le béilí a réiteach. Agus níos tábhachtaí fós, caitheann siad am á n-ithe le chéile, ag caint agus ag cardáil, ag magadh agus ag moladh, ag gáire agus ag tabhairt amach.

Nó, is ócáid shóisialta é am dinnéir le caidreamh idir cairde nó caidreamh idir gaolta a chothú agus cuirtear blípeáil na nguthán póca, na n-aipeanna agus na ríomhphost faoi chois ar feadh tamaill.

Is sláintiúla ar fad mar chur chuige agus mar dhearcadh é.

Agus seo díreach mar a bhíodh saol na hÉireann tráth dá raibh ach go bhfuil go leor de imithe anois. Caithfear ‘pilleadh ar an dúchas’ agus an fhealsúnacht seo a thabhairt linn an athuair.

Mo mholadh-sa duitse, a léitheoir?

Ceannaigh táirgí úra, agus bí ag margáil le lucht margaidh – is iontach an spórt atá le baint as.

Caith am agus cúram béile a réiteach tú féin uair amháin sa tseachtain ar a laghad.

Tabhair cuireadh do do chairde nó do do ghaolta teacht chun tí agus roinn go fial luach do shaothair leo.

Múch na gutháin, na táibléid, na ríomhairí agus an teilifís agus caith seal sa chiúnas chuideachtúil.

Aithneoidh tú agat an difear agus ná habair nach bhfuil féith na cócaireachta ionat — is féidir le haon duine béile a réiteach!

SCÉALTA EILE