Pláta breátha groí a leagadh os ár gcomhair um lón Dé Sathairn seo caite nuair a bhuail muid isteach in Pota Caifé ar an Tulaigh. Bhain siad amach gradam Chaifé na Bliana sna Irish Restaurant Awards’ le deireanas agus, os rud é nach raibh mé ann le píosa anois, cé go mbíonn caint i gcónaí agam air, shíl mé go raibh sé thar am agam buaileadh isteach arís.
Tuairim is mí ó shin, chuir mama glaoch orm le rá liom nach mbeidh greim ar bith á réiteach dom tráthnóna mar go ndeachaigh muintir an tí siar ag an bPota agus mise ag an obair. Tá go maith, arsa mise, tarlaíonn sé sin agus ní chaillfear den ocras mé, ach i mo chroí istigh, bhí mé ag santú na mbrownies a bhíonn acu ann. Níorbh éigin dom tada a rá, bhí ceann tugtha abhaile acu dom sa mbosca beag donn takeway agus é leagtha isteach sa gcuisneoir ar fuarú. Bhí duine éicint sa mbaile ag cuimhneamh orm.
Ar mhaithe leis an mbrownie sin amháin, bhronnfainnse caifé na bliana air. Slab mór de cháca seacláide, gooey gan a bheith róghooey, crústa deas gur féidir greim a bhaint as, caramal le salann ann ar bharr. Sula raibh cois thar thairseach an dorais agam, bhí a fhios agam go mbeadh sé mar mhilseog agam. Cinnte, bhreathnaigh mé ar a raibh de mhilseoga eile ar taispeáint acu (agus ní raibh aon ghanntan ann), ach ba le fiosracht ba mhó a rinne mé sin.
(Muna bhfuil suim agat sna brownies, ná bíodh aon imní ort. Go deimhin, dá mba mise thusa, a léitheoir dhil, chinnteoinn go bhfuil duine éigin i mo chomhluadar agus go n-ordaíonn siad rud éigin eile, sa gcaoi is go n-éireoidh leat iad a thriail).
Tá atmaisféar oscailte san áit, tá feiceáil isteach agat ar an gcistin, áit a bhfeictear muintir an tí ag obair go dian. Tá Gaeilge ag chuile dhuine atá ag obair san áit, agus iad bródúil aisti freisin, rud a chuireann go mór leis. Leagtar béim ar na hamhábhair de dhéantús na háite a chur ar fáil freisin.
Nuair a d’fhiafraigh mé de m’athair, a d’ith greim ann in éineacht liom, céard a bheadh le rá aige faoi, “ardchaighdeán.” Ard-mholadh, más ea.
Bhí an áit gnóthach – ní raibh bord ar bith folamh níos faide ná chúig nóiméad leis an méid daoine a bhí isteach agus amach, ach níor airigh mé ariamh ar nós go raibh siad ag cur deifir linn ná go raibh an iomarca ag dul ar aghaidh. Chaith muid tráthnóna Sathairn go maith ann, agus mholfainn go mór é d’aon duine eile a bheadh a lorg greim deas le n-ithe!