Salann mara á tháirgeadh ag comhlacht glas i gCorca Dhuibhne

N’fheadar an bhfuil aon mhuir nó aon aigéan níos fearr ná níos diamhaire ar domhan ná an tAigéan Atlantach? Clúdaíonn sé 20% de dhromchla an domhain agus níos tábhachtaí ná san do Moe McKeown agus Tom Leach, cuireann sé salann nádúrtha ar fáil. 

Cuirim i bhur láthair an comhlacht (saghas) nuabhunaithe Dingle Sea Salt nó Salann Mara an Daingin. Mar a deir siad féin, déanta le grian, gaoth agus an fharraige atá an salann seo agus is spéisiúil mar a dheintear é. Bhí comhrá zoom agam leis na leaideanna, atá buailte fúthu lena bpáirtithe i nDún Chaoin. Is mar seo a chuireadar síos dom ar a dtáirge.

Bhí dúil acu salann ón Aigéan Atlantach a chur ar fáil agus fonn orthu san a dhéanamh leis an lorg carbóin is ísle darbh fhéidir. Tá san beagnach aimsithe acu. Dá gcífeá an próca beag gloine donn ina bhfuil an salann le fáil ann, tá sé go haoibhinn, dealraitheach le coinneal go deimhin. Ar a bharra tá corc chun é a choimeád slán agus corda beag timpeall ar sin chun ná doirtfeadh sé. An táirge féin, bailítear ar chuid áirithe de Thráigh Bhéal Bán é, san áit a bhfuil carraigeacha, mar deirtear liom gur ann atá an salann is fearr le fáil. 

As san, tugtar go dtí tolláin ar chuma an tí gloine an salann, ar a dtugtar tolláin galaithe. Leis an ngaoth agus an ghrian, go háirithe i rith an tsamhraidh, triomaíonn sé an salann agus bailíonn an sáile leis in airde san aer, agus sin é agat é, Salann Mara an Daingin. 

Ní bhaintear úsáid as aon chumhacht sheachtrach chun an salann a tháirgeadh, ach cumhacht nádúrtha amháin. Is comónta mar mhodh meicníochta in Éirinn é, a dúradar, go mbainfí úsáid as phumpaí teasa chun an t-uisce a bhaint ón salann, ach ní hamhlaidh atá ag fearaibh Dhún Chaoin ina gcuid tollán, tolláin atá ar cíos acu ar phaiste talún in aice an Daingin.

Sa bhliain 2019 a chuimhnigh Rory agus Tom ar seo mar smaoineamh an chéad lá riamh. Thóg sé trí bliana orthu, as san go dtí roimh Nollaig chun an táirge a chur ar an margadh, le tacaíocht maoinithe ó Údarás na Gaeltachta agus Ciste FLAG. 

Sula rachaidh sibh ar fad ar an suíomh idirlín www.dingleseasalt.ie , ní bheidh an táirge ar díol ann go fóill, ach beidh i gceann cúpla mí. Faoi láthair, tá an salann le ceannach i siopaí bídh áirithe i gCorcaigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath, mar aon le The Coach House sa Daingean. Anuas ar an nglas-achas a bhaineann leis an dtáirge seo, tá an maisiú ar an lipéad déanta ag Dómhnall Ó Bric in Iarthar Duibhneach agus Bríd Ní Luasaigh, grianghrafadóir bídh, a thóg na pictiúirí don suíomh gréasáin. Tabharfaidh siad léargas níos fearr daoibh ar an obair ná mar atá déanta agamsa!

SCÉALTA EILE