Scaip an grá le seacláid

Is dócha go bhfuil an comhlacht seacláide Grá Chocolates ó Ghaillimh ar eolas agat ach muna bhfuil, foghlaimeoidh tú faoi ar ball beag. Bhíos fhéin ag obair ar son an chomhlachta seo ar feadh tamaillín, agus bhaineas an-sult as a bheith mar pháirt d’fhoireann lách spreagúil. 

Is scéal brionglóideach é i ndáiríre. Gráinne Mullins, cócaire ag bunú a gnóthais seacláide fhéin i rith na paindéime i dteach a tuismitheoirí i nGaillimh. Théis bliain, bhí a cuid seacláide ar díol sna siopaí móra, Brown Thomas san áireamh. Seo’d an áit ar thosaigh mé fhéin ag obair ar a son. Feictear anseo an cineál duine atá inti, gur éirigh chomh maith sin léi i gceann bliana!

Maidir leis an tseacláid, samhlaigh tú fhéin ag ithe seacláid shómasach shóúil agus tú ag breathnú ar ealaín ar taispeáint – is é sin Grá Chocolates. Bíonns an tseacláid ar fad maisithe de lámh agus tógann gach uile sheacláid trí lá lena chríochnú. Go díreach an cineál táirge a oireanns do shiopa ar nós Brown Thomas.

Grianghraf: Seacláid mhaisithe Grá Chocolates.

Mar a shamhlóimis, d’éirigh go hiontach leis an mbranda seo, agus bhog Grá Chocolates ó theach tuismitheoirí Ghráinne go monarcha mór. Ach tá athrú tagtha ar an scéal: mar gheall ar ardú cíosa agus an costas maireachtála i láthair na huaire, ní oireann sé dhon chomhlacht fanacht san áit seo a thuilleadh. 

Mar sin tá foirgneamh á thógáil acu féin. Tá sé de bhrionglóid ag Gráinne, an t-úinéir, an mhonarcha seacláide seo a oscailt dhon phobal le go mbeimis in ann dul agus breathnú ar an bpróiseas a bhaineann le seacláid a dhéanamh, blásanna éagsúla a thriail agus eispéireas iomlán a fháil ar an mbranda agus an cur chuige atá acu. 

Ina theannta sin, ba mhaith léi mol fiontraíochta a chur ar fáil sa mhonarcha chun deis a thabhairt do dhaoine atá ag tosú lena gcomhlacht fhéin. Léireodh foireann ghríosaithe na monarchan, chomh maith leis an bhfoireann riaracháin, na mionsonraí a bhaineann le branda a bhainistiú, táirge a mhargú, agus plean gnó cuimsitheach a fhorbairt. Deis iontach do na fiontraithe nua atá ag teacht chun cinn (agus do na daoine ar mhaith leo a mbrionglóid Willy Wonka a bhaint amach)!

Pictiúr: Gráinne Mullins agus a brionglóid – an mhonarcha.

Níl ach maitheas i gceist leis an mbean seo agus an comhlacht seo. Tá grá chun tosaigh i ngach aon rud a dhéananns an Grá Chocolates, idir fhoireann agus idir tháirgí agus ba chóir an scéal a leanúint le go bhfeicfe muid na rudaí iontacha a bheas le teacht uathu sa todhchaí.

SCÉALTA EILE