Ní gá duit an barra seacláide mealltach sin a sheachaint a thuilleadh. De réir taighde nua, cothaíonn an tseacláid intinn fhuinniúil ghasta, má itear go rialta í.
Nuair a chuala muid go ndéanann an caife maitheas don tsláinte, bhí muid ag súil go dtiocfadh dea-scéala i leith na seacláide.
Tá an fhianaise tagtha faoi dheireadh.
Foilsíodh an taighde ar an iris Appetite le déanaí a dhíríonn ar an tionchar a imríonn an bia ar an chumas chognaíoch agus ar an chóras chardashoithíoch.
968 duine agus iad ar réimse leathan aoise (ó 23-98) a bhí páirteach sa taighde.
Iarradh orthu ceistneoir a líonadh a mheas a mhinice a d’ith siad torthaí, glasraí, seacláid, milseáin, feoil, rís agus srl, thar thréimhse míosa.
As na daoine a d’ith seacláid go minic, chonacthas gur éirigh ní b’fhearr leo i dtástálacha a mheas gnéithe éagsúla dá gcumas cognaíoch, mar atá cuimhne, réasún teoiriciúil agus eolas a chur in eagair.
Ó thaobh na sláinte de, tuigeadh le fada go bhfuil an lámh in uachtair ag seacláid dorcha ar an ghnáthsheacláid bhainne, ó tharla níos lú siúcra ann.
Anois, tá cúis sa bhreis leis an bharra seacláide dorcha a roghnú, de réir an taighde nua: tá leibhéal ard cócó ann.
Is é an cócó féin a imríonn deathionchar ar an chumas chognaíoch.
Anois, bímis ag súil le cupán deas caife agus píosa seacláide ónár gcairde ag Snasta Blasta thar an deireadh seachtaine!