Tamall ó shin chonaic muid an rath a bhí ar chomhlacht beag Éireannach a bhí ag ligint amach a dtí tábhairne traidisiúnta ar rotha – An Síbín – do chóisirí timpeall na tíre.
Anois tá Éireannach i SAM a chreideann go bhfuil an chéad chéim eile aige i bpubanna soghluaiste: an Paddy Wagon Pub!
Samhlaigh teach tábhairne Éireannach ar bith ar domhan (a bhfuil boladh an Pháidí Phlaistigh uaidh), ach amháin go bhfuil ballaí boga inséidte aige, agus bheadh an Paddy Wagon Pub agat.
Fear de bhunadh na Mí ach a bhfuil cónaí air i mBostún le deich mbliana, Owen Cahill agus a pháirtnéirí gnó atá taobh thiar den síbín inséidte seo, agus creideann sé go mbeidh tóir air.
“Tá sé deartha ar nós pub le teallach bréagach, agus is féidir 70 duine bheith istigh ann. Tógann muidne na táblaí agus cathaoireacha isteach.”
Chomh maith leis an tigín féin cuireann gnó Cahill bia agus deochanna ar fáil dá chustaiméirí, agus ceol beo más gá fosta.
“Tá muid ag iarraidh bealaí nua a thabhairt isteach chun an chraic a chothú ann, ach is é an bunsmaoineamh ná go nglacann ár gcustaiméirí an pub amach ar cíos agus déanann muidne é a shocrú dóibh.”
Síleann muidne go mbeadh pionta tuillte agat i ndiaidh an teach tábhairne sin a shéideadh!
Is féidir cuairt a thabhairt ar an suíomh thepaddywagonpub.com le haghaidh tuilleadh sonraí.