Seo d’aiste bia do 2015

Inné mhínigh Eoin P. Ó Murchú na buntáistí iomadúla a bhaineann leis an mheabhrú dúinn. Inniu tá cleachtas eile a dhéanfaidh do leas faoi chaibidil againn… aiste mhaith bia!


Is minic a bhíonn rún againn ag an am seo bliana ár n-aiste bia a athrú ach cé a chloíonn leis i bhfírinne?

Ní gimic bheag shealadach atá de dhíth orainn ach athrú ginearálta ar chultúr bia.

Seans go bhfuil cuma thromchúiseach air sin ach is féidir linn toiseacht amach le roinnt rudaí simplí.

Beidh na hathruithe seo ina gcuidiú ag gach duine: iad siúd a théann i mbun traenála go rialta ach nach bhfuil an aiste cheart bia acu, agus daoine nach bhfuil aon suim acu ina bheith ag traenáil gach dara lá ach ar mhaith leo bheith níos sláintiúla.

1. Ná hith rud ar bith atá próiseáilte… ar chor ar bith!

Tá an ceann seo measartha riachtanach.

Beidh roinnt scileanna cócaireachta ag teastáil mura bhfuil siad agat cheana féin ach ní chaithfidh tú a bheith i do Georgio Locatelli.

Déan gach rud as an úr agus úsáid bia úr, nádúrtha (agus áitiúil más féidir) gach lá.

uisce

2. Ól dhá lítear uisce sa lá mura mbíonn tú ag traenáil, 3 lítear má bhíonn.

Ná hól a bharraíocht alcóil, le do thoil, níl sé maith agat… is cosúil.

3. Bíodh stór bia agat i gcónaí sa bhaile

Cnónna (gallchnó, cnó coill, almóinn is fearr); spíosraí (tuirmiric, cuimin, finéal agus sillí go háirithe); orthaí (áitiúil agus séasúrach); bainne (ramhar); cáis; im, ola olóige; uibheacha; síolta; prátaí, gairleog; iógart, arán donn; salann mara, lintilí agus pónairí.

4. Bíodh trí bhéile sa lá agat, ar a laghad.

Tá sé tábhachtach go n-itheann tú go rialta le linn an lae seachas an t-ocras ar fad a choinneáil go dtí am dinnéir.

biatas-glasrai

5. Bí ullmhaithe.

Gabh chuig an grósaeir glasraí gach seachtain (nó níos rialta más féidir) agus ceannaigh go leor le go mbeidh glasraí agat le gach lón agus dinnéar.

Tá cál nó cabáiste, spionáiste, abhacád, brocailí, lus súgach agus meacan biatais uilig maith ach déan iarracht cloí leis an séasúr.

6: Ith saill (geir).

Ní ionann saill agus ramhar! Is dea-rud é saill atá de dhíth ar an choirp.

Barraíocht carbaihiodráite, sin an rud nach bhfuil de dhíth ort agus cuirfidh sé meáchan ort. Is féidir saill mhaith a fháil ó him, ola olóige, abhacád, feoil, iasc, cnónna agus uibheacha.

Déan cinnte go mbíonn saill i d’aiste bia gach lá.

7: Líon tú féin le feoil/iasc, saill agus glasraí.

Is féidir carbaihiodráit a ithe ag am lóin nó i ndiaidh duit a bheith ag traenáil, ach ní le gach béile.

Is carbaihiodráit don scoth é an práta, lán cothaitheach – úsáid é.

Agus tá iasc iontach maith agat! Más rud é go gcónaíonn tú in áit a bhfuil sé ar fáil go héasca, ith chomh minic agus is féidir é.


Sin na bun-chomhábhair atá ag teastáil ó do chorp lena bheith sláintiúil. Léigh anseo faoi na cleasanna a chuideoidh leat do nósanna bia a athrú!

SCÉALTA EILE