Níl sé ina earrach bog deas go fóill agus beidh gá fós le stobhaigh go ceann tamaill chun an teas a choinneáil ionainn.
Tá sé éasca go leor stobhach a dhéanamh agus maireann sé suas go trí mhí sa reoiteoir, rud atá áisiúil má chónaíonn tú leat féin nó le duine amháin eile.
Ar ndóigh tá neart cineálacha stobhaigh gur féidir leat a dhéanamh – ní díreach an ceann a dhéanann mamaí sa bhaile!
Ceann de na dúshláin is mó a bhaineann leis an phláta traidisiúnta seo ná nuair atá éadulaingt (intolerance) agat ar bhia áirithe a bhíonn istigh iontu go hiondúil.
Mar sin seo dhá oideas stobhaigh atá blasta, réasúnta éasca agus saor le déanamh agus níl aon táirgí déiríochta ná cruithneachta istigh iontu.
Stobhach spionáiste, pónairí móra agus chorizo
(le haghaidh ceathrair)
– 130g chorizo, mionghearrtha
– 1 oinniún, mionghearrtha
– 2 ionga gairleoige
– 2 craobhóg maróis
– 800g pónairí móra (butter beans)
– 400g trátaí stánaithe, mionghearrtha
– 300 ml stoic shicín
– 200g spionáiste
– 2 spúnóg bhoird peirsil
Frioch an chorizo ar feadh 2-3 nóiméad i bpota mór le hola olóige sula gcuireann tú an t-oinniún, an ghairleog agus an marós isteach leis.
Fág ag cócaireacht é ar feadh 10 nóiméad.
Ansin cuir na pónairí móra, trátaí agus an stoic isteach.
Fág é ag suanbhruith ar feadh 10 nóiméad eile.
Nuair atá tú réidh len é a ithe, cuir an spionáiste isteach.
Ith le rís é, nó fiú leis féin.
Cén fáth a n-íosfainn é?
Beidh boladh álainn ón stobhach seo.
Tugann an chorizo blas deas láidir dó agus tá sé go maith duit freisin le próitéin agus tiaimín istigh ann. Cabhraíonn tiaimín leis an mbia a athrú go fuinneamh agus mar sin tá sé an-tábhachtach duit.
Tá próitéin sna trí chomhábhar; spionáiste, pónairí móra agus chorizo.
Bíonn sé in easnamh uaireanta in aiste bia céiliach agus is cothaitheach tábhachtach é do gach duine.
Tá cailciam i spionáiste chomh maith mar sin is bealach iontach é do dhaoine nach n-itheann déirí chun cailciam a fháil ina aiste rialta.
Tá neart vitimíní i spionáiste agus i bpónairí móra freisin. Tá iarann, próitéin agus snáithín iontu chomh maith.
Líonann pónairí móra suas go mór thú agus bíonn tú lán ar feadh tamall fada leo.
Stobhach lintilí agus glasraí fréimhe
(I gcomhair seisir)
– 2 taespúnóg lus an choire (coriander)
– Leath taespúnóige tuirmiric
– 25g sinséar úr, grátáilte
– 2 oinniún, mionghearrtha
– 3 meacan dearg, mionghearrtha
– Meacan bán amháin, mionghearrtha
– 2 cainneann
– 450g muisiriún
– 2 ionga gairleoige
– 175g lintilí dearga
– 50g lintilí donna nó glasa
– 750ml uisce beirithe
– Ola olóige i gcomhair friochadh
Frioch na hoinniúin, meacain dearga, meacan bán agus cainneann i bpota mór le píosa beag ola ar feadh 3 nó 4 nóiméad.
Ansin, cuir na muisiriúin, gairleog, sinséar, tuirmiric agus lus an choire isteach agus measc gach rud le chéile.
Sruthlaigh (rinse) na lintilí le huisce fuar. Cuir isteach leis na glasraí eile iad san uisce beirithe.
Clúdaigh an pota agus fág é á chócaireacht ar fead 45 nóiméad go dtí go bhfuil na glasraí agus na lintilí bog go leor.
Buntáistí leis an gceann seo?
Níl ach glasraí sa stobhach seo, glasraí atá uilig go maith duit.
Tá cailciam agus neart vitimíní sna cairéid, meacain agus cainneanna.
Tá neart maitheasa i ngairleog freisin, go deimhin tá sé ar cheann de na bianna is sláintiúla ar domhan. Íslíonn sé brú fola agus tá cailciam, vitimíní C agus B6 ann, chomh maith le hiarann.
Tugann an dá luibh boladh agus blas álainn don mhias iomlán.
Bainigí sult!