Seo tae beag na bhfear


Is nós coitianta go leor é an tae beag tráthnóna (afternoon tea) sa lá atá inniu ann.

Traidisiún é seo a thosaigh i Sasana i measc na n-uaisle ach atá anois le fáil i mbeagnach gach óstán mór in Éirinn agus níos faide i gcéin.

Agus gan amhras, más ag cóisir na gcearc atá tú le do chuid dlúthchairde nó ag ceiliúradh linbh nuabheirthe, tá tae beag tráthnóna ina rogha choitianta do mhá na hÉireann.

Vótáladh tae beag Óstán an G i gcathair na Gaillimhe ar an cheann is fearr in Éirinn le déanaí ach cad é atá ann do na fir?

Is cosúil go bhfuil an freagra sin anois ag Óstán an Morrison i mBaile Átha Cliath, mar tá tae beag ar leith cruthaithe acu féin dóibh siúd ar fearr leo pionta ná tae.

Sa tae beag speisialta seo tá:

– Slisín deataithe agus scóna le seatnaí úill
– Ispín, gircín agus jalapeno
– Ceapaire stéige
– Sceallóga Papríca
– Pionta Wicklow Wolf

Tá €23 ar an ‘tae’ iomlán agus is gá é a chur in áirithe roimh ré… Sláinte mhaith a bhuachaillí!

SCÉALTA EILE