Tá an tUasal Tayto ar cuairt san ardchathair agus siopa speisialta sealadach oscailte aige inniu ar feadh 10 lá.
Beidh an preabshiopa úrnua, atá lonnaithe ar Shráid Chill Mhantáin i mBaile Átha Cliath 2, ag tairiscint cuid de na ceapairí criospaí is aitheanta atá le fáil in Éirinn, le ceithre shórt éagsúla ar díol ann: Cáis agus Oinniún, Salann agus Fínéagar, Bagún Deataithe agus Manglam Cloicheán.
Tá €2 ar gach ceapaire agus rachaidh leath an airgid go léir chuig an charthanacht Pobal Simon Bhaile Átha Cliath.
Chomh maith leis na ceapairí íocónacha, beidh deis ag díograiseoirí Tayto earraí speisialta a fháil nach féidir a cheannach in aon áit eile, t-léine Ghaeilge ina measc.
Cé go bhfuil ceist ardaithe faoin chothú atá le fáil ó cheapairí brioscáin phrátaí, go háirithe do dhaoine óga, tá béim á cur ar an sochar a bhainfidh daoine gan dídean as an tionscnamh.
“Mar a fheictear dúinn go bhfuil méadú ar líon na ndaoine atá ag lorg cabhrach uainn, tá lúcháir orainn tacaíocht chustaiméirí Tayto a bheith againn,” arsa Sam McGuinness ó Phobal Simon.
“Beidh custaiméirí Tayto ag cabhrú chun airgead a thiomsú chun gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí do dhaoine atá gan dídean.”