Síorthitim

Tá dlúthbhaint idir stair na hÉireann agus an bhó – léiríonn ár seanchas, logainmneacha agus dlíthe ársa é sin go soiléir.

Bhí cuid mhaith de bhia na nGael bunaithe ar an ‘fheoil bhán’ – bainne, im agus cáis – agus más annamh a itheadh mairteoil tuigtear dom nár tógadh an lao fireann de ghnáth agus gur itheadh iad go láithreach.

Ciallaíonn an focal ‘buachaill’ aoire bó fiú agus tá an t-ainmhí le feiceáil san fhocal ‘bóthar’ chomh maith.

Baineadh úsáid as mairt mar airgeadra go dtí na 1400í agus, mar is eol do lucht an tsean-nóis, thiocfadh le feirmeoir bean óg ‘a cheannach’ dó féin le bó i bhfad i bhfad ina dhiaidh sin.

Ní gá ach spléachadh iontach gearr a thabhairt ar litríocht na Gaeltachta chun tábhacht bhó an tí a thuiscint agus an tubaiste a bhain lena bás.

Ach tá difear an domhain idir an méid sin bainne gur féidir le bó nua-aimseartha a tháirgeadh agus cumas shean-bhó riabhach na nGael.


Sheiceáil mé Tesco (Ríocht Aontaithe) maidin inné, bhí bainne ar fáil ar 43 pingin Shasanach an lítir.

Bhí an chuid is mó den uisce atá ar díol acu níos saoire ná sin ach is fíor gan amhras go bhfuil uisce ar díol acu atá ar chomh-phraghas agus níos daoire fiú (dá mbeadh blas éigin ann nó dá mbeadh sé bríomhar).

Tá rud éigin cearr leis, níl praghas an bhainne ag cur san áireamh na costais ollmhóra a bhaineann lena tháirgeadh.

[Dála an scéil, tá 57 pingin ar lítear de bheoir ‘Tesco Everday Value’ (sea, ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid ann ach an oiread) ach sula rithfidh sibh amach chun an tsiopa, níl ann ach 2% alcól – ag an phointe seo tá na mic léinn ag screadaí cad is fiú é sin? Freagra: bheadh sé pingin amháin níos saoire an lítir ‘Skol’ a ól agus ní bheadh ort dul chuig an leithreas chomh minic sin – tá fáilte romhat]

Dar ndóigh, úsáideann na hollmhargaí bainne mar threoir-earra caillteanais le daoine a mhealladh isteach.

Cuireann sé seo an-bhrú ar an phraghas agus iad ag dul i gcomórtas le chéile go dtí an pointe seo ina bhfuilimid – tá an praghas atá á íoc d’fheirmeoirí as a gcuid bainne níos ísle ná an costas a bhí ar an phróiseas táirgeachta.

Ní gá a bheith i do shaineolaí eacnamaíochta chun aithint nach féidir leis sin dul ar aghaidh i bhfad.

glass-1920-1280-wallpaper

Tá géarchéim idirnáisiúnta ann sa tionscadal déiríochta i láthair na huaire.

Thit an praghas a íoctar le feirmeoirí in Éirinn (Poblacht) 33% le 16 mhí anuas – mar sin de, tá go leor feirmeoirí ag cailleadh airgid in aghaidh an lae agus tá cruachás i ndán dóibh go dtí an tEarrach ar a laghad.

Tá Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ag éileamh go gcuirfear deireadh le ciorruithe ar phraghas bainne ach tá sé doiligh a thuiscint conas a chuirfí sin i bhfeidhm.

Ní bhaineann sé leis an phraghas a íocann na hollmhargaí amháin áfach – tá cúrsaí feirmeoireachta iontach leochaileach mar gheall ar an domhandú agus ar an ábhar gur tráchtearra a dhíoltar is a cheannaítear é bainne.

Tá an t-éileamh ón tSín tite go tubaisteach, tá cosc ar bhia ón Aontas Eorpach sa Rúis agus tá deireadh leis na cuótaí ón AE.

Agus mar gheall ar chúrsaí aimsire atá tá i bhfad barraíocht soláthair ann (agus shíl tú go raibh droch-shamhradh againn!).

Tá cúrsaí sna Sé Chontae níos measa mar gheall ar luach an Euro in aghaidh an Phuint Shasanaigh.

Dar le hAontas Feirmeoirí Uladh go gcaithfidh an tAE íosphraghas a chur i bhfeidhm sa mhargadh Eorpach – is é sin le rá ná cur leis an phraghas idirghabhála a úsáideann siad chun “tacú leis an mhargadh” agus chun “barrachas an táirge” a cheannach.

Is bealach iontach deas é “tacú leis an mhargadh” chun “tabhair dúinn rud beag airgid” a rá agus breast é mar mhargadh.

Is ionann an téarma “barrachas an táirge” agus “rud nach bhfuil aon duine ag iarraidh a cheannach” a rá.

Ach tá i bhfad barraíocht bainne a tháirgeadh, ní féidir leis a bheith ceart feirmeoirí a íoc chun leanúint ar aghaidh leis sin.

Mura a bhfuil an t-éileamh ann, níl sé ann, nach é an réiteach ná gearradh siar ar an soláthar?

Cén fáth gur cheart idirghabháil a dhéanamh i gcás na bhfeirmeoirí seo nuair nach ndéantar in earnálacha eile é?

Caithfear a rá lena chois, nuair a bhíonn an-bhorradh ar fheirmeoireacht déiríochta, cuireann sé sin le héileamh ar thalamh.

Cuireann sé sin le praghas an talaimh, a chuireann brú ar fheirmeoirí mairteola agus caorach dá réir – ach is beag iarracht a dhéantar cuidiú a thabhairt dóibh sin snámh in aghaidh eas an mhargaidh.

Bheadh trua againn don fheirmeoir atá ag dul as gnó gan dabht, ach nach é sin nádúr an chórais ghnó ina bhfuil muid, an caipitleachas?

An fiú airgead a thabhairt do dhaoine chun táirge a sholáthar nach bhfuil tomhaltóirí á iarraidh?

Má thugtar tarrtháil airgeadais do na feirmeoirí déiríochta nach ionann sin agus ualach an chaillteanais a chur ar an phobal in athuair nuair is príobháideach an brabús i dtólamh?


An bhfuil bealach níos inbhuanaithe ann chun bainne a sholáthar agus slí bheatha a thabhairt d’fheirmeoirí áitiúla? Léigh an t-alt seo faoi chóras bia inmharthana.

SCÉALTA EILE