Tháinig mé ar leabhar ar na mallaibh i Shakespeare and Company, siopa leabhar agus bialann suite ar bhruacha na Séine i lár Pháras.
The Physiology of Taste a bhí air, leabhar a scríobh Jean Anthelme Brillant Savarin sna luath 1800í.
Deirtear gurb é an chéad leabhar gastranamaíochta a bhí riamh ann.
An rud is mó a sheas amach domhsa, agus an fáth ar thug mé liom é, ná gur aistí atá i gceist ar fhealsúnacht an bhia, seachas leabhar mór lán oideas, mar a fheictear go coitianta sa lá inniu.
Rith sé liom gurb é sin an dóigh is fearr le bia a thuigbheáil agus le scríobh faoi.
Glac na leabhair mhóra bia, ar nós El Que Hem Menjat le Josep Pla nó Provincial French Cooking le Elizabeth David, níl mórán d’oidis iontu.
Smaointe agus scéalta atá san fhormhór faoin dóigh le cócaireacht, le bia a thuigbheáil agus le sult a bhaint as an bhia.
Is léir domh go bhfuil oideas de dhíth ar dhaoine na laethanta seo.
Tá plean de chineál éigin uathu, dogma nó comhairle faoi cad ba cheart a dhéanamh, le go mbeadh siad níos muiníní i mbun cócaireachta.
Ach sílim go mbaineann sé cuid den fhreagracht ón chocáire chomh maith, agus ní rud maith é sin, dar liom.
Le tuilleadh tuisceana, tiocfaidh bláth ar an chócaire!
Tá sé beartaithe agam Pla, David agus Savarin a leanúint as seo amach agus gan oideas ar bith a thabhairt daoibh níos mó – cinnte, ar feadh tamaill ar aon nós.
Ina áit sin, tá mé chun sraith bheag d’aistí Gaeilge a chur le céile a thabharfaidh léargas ar mo chuid smaointe faoi bhia.
Cuirfidh muid tús leis an tsraith le smaoineamh beag ginearálta.
Rud a rith liom ar na mallaibh go bhfuil sé tábhachtach tarraingt ar ár mbanúlacht (an taobh baineann nó banda díonn) nuair a bhíonn muid ag cócaireacht.
Is é an nós anois i láthair na huaire dea-chócaire a shamhlú le fir – tine, scian agus feoil srl.
Ach is amaidí sin ar fad.
Nuair atá tú ag cócaireacht, bí leis an ghlasra, iasc nó píosa feola mar a bheadh máthair lena leanbh.
Bí deas leis, bí cúramach leis.
Ná bí eagla ort roimh an bhia.
Bí grá agat dó.
Taispeáin foighne agus tabhair neart ama dó.
Amharc i ndiaidh do chuid bia – glan é, cuir sa stóras ceart é, tabhair faoi deara na hathruithe a thagann air agus tú á chócaireacht.
Smaoineamh ar dhath, ar bhlas agus ar an bholadh.
Nuair atá scian a úsáid agat, bíodh sé géar i dom lámh agat ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an bhia.
Gearr go glan é, le meas.
Bain triail as rudaí a chócaráil giota beag níos séimhe.
Thar gach rud, tarraing ar d’iomas féin (an mothúchán instinneach sin a bhíonn istigh ionann ar fad).
Níl uaireadóir nó teirmiméadar de dhíth.
Úsáid na céadfaí, an radharc, boladh agus an mothú.
Sin fíor-chócaireacht.