Tá Boann Distillery i gcontae na Mí, atá faoi stiúir an phríomhdhriogaire Mícheál Breathnach as an nGarrán i nGaeltacht Chiarraí, ag tabhairt faoi staidéar tras-Atlantach ar thionchar an na haeráide ar dhéantús an fhuisce.
Rinne lucht Boann agus lucht na drioglainne Talnua (‘talamh nua’) in Colorado i Stáit Aontaithe Mheiriceá an fuisce de réir an oidis chéanna agus líonadh 14 bhairille – sé cinn in Éirinn agus ocht gcinn in Colorado. Tiocfaidh an fuisce in aibíocht sa mbliain 2026, agus iniúchfar an uair sin an tionchar a bhí ag an dá aeráid éagsúla ar an mblas.
“Tá an t-oideas céanna agus cineál céanna bairille in úsáid againn, ach tá aeráid ard thirim an fhásaigh in Colorado gan mórán taise ann murab ionann agus an aeráid fhliuch chineálta atá anseo in Éirinn. Beidh na cúinsí faoina dtiocfaidh an fuisce in aibíocht an-difriúil lena chéile agus ba mhaith linn a fheiceáil cén tionchar a bheidh aige sin ar an mblas i gceann cúig bliana,” a dúirt úinéir Boann Peter Cooney.
Is de shliocht na hÉireann iad Patrick agus Meagan Miller, úinéirí na drioglainne Talnua i Meiriceá. Bhlais siad den fhuisce aon phota den chéad uair agus iad i nGaillimh ar mhí na meala deich mbliana ó shin. Bhunaigh siad a drioglann féin seacht mbliana ina dhiaidh sin sna Stáit Aontaithe.
Líonadh na bairillí níos luaithe an mhí seo agus beidh 2,800L fuisce ar fáil mar thoradh ar an togra i bhfómhar na bliana 2026. Beifear in ann dhá bhuidéal 375ml a cheannach, ceann ó dhrioglann Mheiriceá agus an ceann eile ó dhrioglann fhear Chorca Dhuibhne, in aon bhosca amháin. Táthar ag súil babhta blaiste a reáchtáil sa dá thír an bhliain chéanna.
D’fhoghlaim Mícheál Breathnach, príomhdhriogaire Boann, mórán dá cheird i nDrioglann an Daingin ina cheantar dúchais Corca Dhuibhne. D’fhógair Gradaim Idirnáisiúnta na bhFuiscí níos luaithe i mbliana gur i nDrioglann Boann atá an fusice nuadhéanta is fearr ar domhan á dhriogadh.