Tá blas na feola air…

Níos mó ná riamh tá daoine ag dul i dtreo an fheoilséanta nó ag iarraidh níos lú feola a ithe.

Tá sé níos sláintiúla don chorp agus níos fearr don timpeallacht, agus cluintear faoi na buntáistí seo go minic anois sna meáin.

Ceann de na cúiseanna a bhfuil sé deacair do dhaoine slán a fhágáil ag an stéig nó ag an bhagún nó ag an sícín, áfach, ná an blas.

Nó easpa blais, ba chóir a rá.

Is breá le daoine an mothúchán sin nuair a itheann siad píosa deas mairteola, mar shampla, an oiread sin go gcronaíonn siad é agus iad ag iarraidh díriú ar na glasraí amháin.

Ná bíodh eagla oraibh, áfach, a lucht leanúna na feola mar go bhfuil comhlachtaí bia ann anois a mhaíonn go bhfuil ionadach feola cruthaithe acu, agus go bhfuil cuma agus blas na feola air.

Ag breathnú duit ar tháirgí Impossible Foods, is cinnte go ndéarfá go bhfuil an chuma cheart ar a gcuid burgar, nach ndéantar ach le hábhar plandaí.

De réir gach tuairisce, tá na burgair seo – ina bhfuil prátaí, ola chnó cócó agus cruithneacht, i measc comhábhair eile – an-bhlasta agus tagann ‘fuil’ astu chomh maith go fiú, ar nós burgar feola.

Cad is bunús leis an sú dearg seo ag rith amach as do bhurgar gan feoil?

Biatas ar ndóigh!

Tá blas na feola go fóill ar an bhurgar mar gheall ar mhóilín darb ainm ‘heme‘, a fhaightear ó shoighe.

Tá an táirge i bhfad Éireann níos fearr don timpeallacht chomh maith – i gcomparáid le gnáthbhurgar feola, úsáideann burgar Impossible Foods 75% níos lú uisce, 95% níos lú talaimh agus gineann sé 87% níos lú gás ceaptha teasa.

Faoi láthair níl an burgar nuálach seo ar fáil ach i mbialanna áirithe ar fud na Stát Aontaithe ach tá sé i gceist acu go ndíolfar na burgair i siopaí agus ar líne amach anseo.

Comhlacht amháin a bhfuil a gcuid burgar gan feoil le fáil i siopaí cheana féin ná Beyond Meat, atá ar díol in 11,000 áit i SAM.

Déanann siadsan sícín gan feoil fosta a bhfuil uigeacht agus blas an-chosúil go deo aige le fíor-chirceoil.

Cé nach féidir linn na ‘burgair nach burgair iad’ seo a ithe ar an taobh seo den Atlantach go fóill, tá infheistíocht ollmhór á déanamh sna táirgí nua – tá leithéidí Bill Gates Microsoft agus Dustin Moskovitz Facebook tar éis airgead a chur ina dtreo – a chiallaíonn nach bhfuil ann ach ceist ama go dtí go mbuailfidh siad bialanna agus siopaí anseo.

Cad é bhur meas a Nósadóirí? An bhfuil sibh réidh le greim a bhaint astú?

SCÉALTA EILE