Tá do chorp ag caint leat

Samhlaigh go bhfuil tú amuigh sa mbaile mór le do ghrá gheal.

Ta oíche rómánsúil curtha le chéile agat dóibh, gach mionsonra cinntithe roimh ré chun an tairbhe is mó a bhaint as an oíche.

Tá staid a haon thart agat, ach níl mórán baoil ann nuair nach bhfuil tú ach á bpiocadh suas óna dteach. Ar aghaidh libh chuig staid a dó, an bhialann.

Gach ní ar fheabhas go dtí seo, neart cainte eadraibh agus sibh ag fanacht ar an bpríomh-bhéile. Seo í an oíche is fearr a bhí agat le píosa, tá tú ar mhuin na muice, nár stopadh an chraic!

Cén fáth mar sin nach mbraitheann do bholg mar is ceart tar éis an chéad-chúrsa…?

“Ní raibh ann ach braoinín anraith,” a chinntíonn tú leat féin. “Ná bí buartha. Imeoidh sé faoi cheann píosa.”

Ní imíonn, áfach. Tá an teannas ag méadú i do bholg, ní féidir leat díriú ar an méid atá dhá rá ag an ‘aingeal’ seo trasna uait.

I do shuí ansin, ag déanamh coraíocht greim an fhir bháite a choinneáil ar an rómáns seo a bhí chomh fairsing sin ag tús na hoíche, ach cá ndeachaigh sé? Cuir in eagar, ‘Plean B’.

Tóg sos chúig nóiméad i dteach an asail, ceartóidh sé sin gach rud… tá súil agat. Anois múna tú ‘Mrs. Doubtfire’ ní féidir leat a bheith ag brath ar an bplean éalaithe seo ró-mhinic i rith na hoíche.

“Céard atá orm? Mo léan anocht!” Ní féidir an milleán a chur ar nimhiú bia, rud a dhéanann an iomarca daoine go minic.

Bíonn go leor comhábhar i mbia sa lá atá inniu ann, rudaí b’fhéidir nár chuir asat roimhe seo ach go gcuireann thar am agus corr uair le haois. Bí cinnte nach dtarlaíonn sé seo ar an spota.

Mo chomhairle díobh uile? ÉIST LE DO CHORP! Tabharfidh do chorp nódanna éagsúla duit a bhaineann leis na rudaí a chuireann as duit, fiú má bhíonn siad caolchúiseach go minic.

Is é an rud atá le déanamh agat ná coinnigh súil ar céard a itheann tú a thugann na nódanna seo duit.

Ó thaobh an anraith thuas, go mion minic bíonn glútan, cruithneacht agus bainne (lachtós) mar na comhábhair is mó ann, diabhail ceart do bhoilg dhaoine áirithe!

Cuireann an galar céiliach mar shampla, (déantar ionsaí ar an stéig bheag mar gheall ar an nglútan agus/nó cruithneacht) as do dhuine i ngach céad ar a laghad, agus níl a fhios ag an chuid is mó acu é.

Nuair atá tú féin i mbun cócaireachta, caith súil ar chúl gach rud a cheannaíonn tú roimh ré, ba cheart go mbeadh ‘comhairle ailléirge’ le feiceáil ann a insíonn duit tada bith beo atá ann a d’fhéadfadh an ceann is fearr a fháil ort.

Ná ceap anois go mbeidh ort fanacht glan ar rúdaí áirithe as seo amach, tá neart bia le ceannach gan na ailleirginí seo iontu, leithéidí bia saor ó ghlútan/cruithneacht agus bainne déanta as pónairí soighe, cnó cócó agus fiú bainne bó gan lachtós ann.

Nó is féidir neart oideas a fháil ar líne chun do mhíorúiltí cistine féin a chruthú!

Ní saineolaí anois mé ach muna bhfuil tú cinnte faoi ábhar áirithe fan glan air i d’aiste bia féin ar feadh cúpla mí go bhfeiceann tú an gceartaíonn sé an fhadhb.

Ach, bí cinnte plé a dhéanamh le do dhochtúir roimh ré sula dtriaileann tú athrú mór ar bith. Is féidir leo comhairle agus tástál a dhéanamh ort freisin chun an fhadhb a éascú.

D’fhéadfainn an iris seo a líonadh ag míniú go díreach an fáth go gcuireann na hailléirgí seo as do dhaoine áirithe ach is fearr daoibh dul ar an ‘www.’ sibh féin agus staidéar a dhéanamh orthu.

Fiú go mbíonn an bealach maireachtála seo níos daoire go minic ná déan dearmad gur fearr an tsláinte ná na táinte.

Ó yeah, agus déanaigí cinnte freisin gan lasáinne a ordú mar phríomh- chúrsa!

SCÉALTA EILE