Tá siad feicthe againn uilig.
Go deimhin tá an mhórchuid againn tar éis ithe uathu: Na plátaí nach plátaí iad.
Clár adhmaid. Cupán. Bosca sreinge. Clár mionghearrtha. Doras.
Tá líon na rudaí a bhíonn in úsáid in áit gnáthphlátaí ag fás i gcónaí agus bialanna áirithe ag sárú ar a chéile chun do chuid bia a leagan ar an mhias is aistí agus is iontaí dá bhfuil ann.
Seans go gcuireann na plátaí seo leis an eispéireas proinne ó am go chéile ach is léir go bhfuil an feiniméan ag dul thar fóir agus é i ndiaidh leathnú amach ó thíortha an Bhéarla – áit ar thosaigh sé mar is ceart – go tíortha eile san Eoraip anois chomh maith.
Mar fhreagra ar a áiféisí is atá cuid de na hiarrachtaí, tá cuntas Twitter curtha ar bun ag an ghrianghrafadóir Sasanach Ross McGinnes ina roinneann sé féin agus giolcairí eile grianghraif de ‘phlátaí’ ó gach cearn den domhan.
We Want Plates is ainm don fheachtas seo a bhfuil sé de sprioc aige cogadh a fhearadh ar “bheith ag riar bia ar phíosaí adhmaid agus tíleanna dín, deochanna i subhchrúscaí agus sceallóga i mugaí”.
Is iontach an réimse pictiúirí atá bailithe le chéile acu le breis agus 30,000 duine anois ag leanúint na bplátaí aisteacha ar an chóras giolcaireachta.
Seo 10 gcinn de na samplaí is fearr… tá bríce ann fiú!
The @WeWantPlates table tennis bat Nduja has been served. pic.twitter.com/UKCUMkE3V6
— Oisín Rogers (@McMoop) April 6, 2015
How did this get past the drawing board? @WeWantPlates pic.twitter.com/LvxVosJLDh
— Harry J (@hazbaz) April 4, 2015
@WeWantPlates pint of Guinness I get….but a pint of chips I do not. pic.twitter.com/rxmushuLWg
— Emma Maraio (@emmamaraio) March 28, 2015
@MrsWestbury @japster2008 @WeWantPlates the evidence pic.twitter.com/H66Cl97oFn
— Joe Fattorini (@joefattorini) April 3, 2015
It's insidious, they're aiming for kids now. Daughter's pasta arrived in a bucket w/ spade to eat it: @WeWantPlates pic.twitter.com/jm4kRPjH8k
— Dan Morton (@r23dan) March 20, 2015
Mixed Grill. In a dustbin lid. Nuff said. @WeWantPlates pic.twitter.com/XxMuaDn2SZ
— Tobias Alexander (@GreyTrilby) March 31, 2015
@WeWantPlates
Starter in Vlieland on a house brick pic.twitter.com/YElD2B3nMs
— matthew corbett (@matthewcorbett) April 6, 2015
@WeWantPlates Butter. On a rock. Butter… on… a… rock … pic.twitter.com/5ZBHTIBA7u
— Qayam Sayani (@LemonLimePie) March 21, 2015
.@WeWantPlates risotto in a trowel on a slate! To be fair @palomarsoho otherwise usually use plates. pic.twitter.com/pbxGF7ncRW
— Picky Glutton (@pickyglutton) March 25, 2015
I was glad of the plates but having to drink a smoothie out of a lightbulb is an indignity. @WeWantPlates pic.twitter.com/e0V1vvICPy
— Adam J Smith (@nfkadam) March 18, 2015
An bhfuil aon samplaí ag na Gaeil?