Gach seachtain cuireann Aodh Ó Corcráin oideas ar fáil do léitheoirí NÓS agus d’éisteoirí Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhír bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thíos. Inniu tá ómós scríofa aige do bhricfeasta friochta na hÉireann!
Uibheacha friochta agus bagún, tae te á dhoirteadh ón phota, arán prátaí agus arán sóide le cnapanna ime, ispíní ramhra ag brúchtáil le saill, putóg dhubh atá brioscarnach amuigh agus bog sa lár.
Tá na leaids ag gáire, ag inse scéalta ón oíche aréir.
Cé a bhfuil a fhios acu cad é atá le theacht?
‘Ruball an mhadaigh’ chun an oíche aréir a chur ina luí?
Ag grá atá agat do na daoine atá thart ort agus a socraíonn tú bia díofa.
Cuimhní de do mháthair ag cócaireacht duit i d’óige.
Ní amháin go mbíonn bricfeastaí deasa againn in Éirinn ach tá siad mar dhlúthchuid den saol sóisialta agus de gach cuimhne atá agam de laethanta tábhachtacha m’óige, nó den mhaidin i ndiaidh oíche mhaith amuigh, nó deireadh seachtaine ar shiúl le cairde.
Gan dabht, réitíonn muid céadphroinn don scoth.
Chuirfinn iad i gcomparáid le lón i ndeisceart na mór-roinne.
Go háirithe an Iodáil, an Fhrainc, an Chatalóin, Tír na mBascach, an Spáinn… nuair a thagann daoine le chéile, teaghlaigh agus cairde, chun bia a roinnt agus an chraic a bheith acu.
Sílim gurb é an friochadh an leagan Gaelach de sin.
Seo cúpla rud a ritheann liom faoi:
Déan é go simplí agus go deas.
Úsáid táirgí de chuid na hÉireann, putóg dhubh de chuid Bhaile Cloich na Coillte, ispíní agus bagún áitiúil… agus gan Heinz Baked Beans agus trátaí ón Spáinn!
Tá an friochtán is fearr le fáil i gCúige Uladh.
Mar sin, beidh ort cúpla rud a fhoghlaim faoi arán!
Is féidir árann prátaí a dhéanamh le fuílleach prátaí bruite agus plúr.
Cuir plúr leis go dtí go bhfuil taos agat agus caith é ar ghrideall tirim.
Is fiú go mór do chuid arán sóide féin a dhéanamh fosta le plúr, bláthach agus décharbónáit sóidiam.
Iontach simplí ar fad.
Nó, má tá cónaí ort i mBéal Feirste, go síos chuig do bhácús áitiúil chun cuid a cheannach – tá áit mhaith a mholfainn ar Shráid an Chaisleáin.
Déan an rud ina imeacht sóisialta.
Glaoch ar do chairde (ar an ghuthán nó ó bhun an staighre!) agus déan é le chéile.
Níl páipéar nuachtáin clóite ag na Gaeil sa lá atá inniu ann ach tá neart meáin idir Tuairisc, NÓS, RnaG, TG4 agus eile.
Is maith na cuimhní atá agam ag éisteacht leis an raidió, cara amháin ag léamh amach na nuacht óna ghuthán nó ón pháipéar agus na leaids uilig ag caint air agus ag léiriú barúlacha faoi.
Socaigh é an deireadh seachtaine seo mar sin, agus coinnigh traidisiún uasal an ‘fry’ Gaelach beo beathach!
Bíonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bíonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.