Sa lá atá inniu ann, tá gach rud sóisialta.
Tá guthán cliste ag beagnach gach duine sa tír faoi aois 30 bliain, agus mar sin tá fáil ar bheagnach gach duine ar ghréasáin shóisialta ar nós Facebook, Twitter, Instagram agus Foursquare.
Dóibh siúd nach bhfuil ar an eolas faoin cheann deireanach, is gréasán é Foursquare ar ar féidir ‘seiceáil isteach’ i mbeagnach aon áit ar domhan.
Siopaí, pictiúrlanna, tithe tábhairne – Tá siad ar fad ina rannóga éagsúla ar Foursquare, agus is féidir a fheiceáil cén áit ina bhfuil do chairde eile fosta.
Anois, tóg beoracha isteach sa choincheap, agus tá Untappd agat.
San fheidhmchlár measartha nuabheirthe seo, is féidir le húsáideoir ‘seiceáil isteach’ gach uair a mbíonn beoir acu, agus scór ar an deoch a roinnt le do chairde.
Tá na mílte beoir cláraithe ar an ghréasán cheana (Níl aon bheoir ólta againne nach raibh air riamh), agus is féidir do láthair a chur leis an tseiceáil isteach dá mba mhian leat fosta.
Cosúil le Foursquare, bronntar suaitheantais ar úsáideoir as a bheith ag seiceáil isteach ar rannóga éagsúla, ar nós ‘Luck of the Irish’ nuair a ólann tú níos mó ná 10 mbeoir Éireannacha éagsúla, agus is sórt comórtais é le himirt i measc do chuid cairde suaitheantais a bhailiú trí éagsúlacht beorach a bheith ar taifead agat.
Ní amháin sin, ach léiríonn an aip cén sórt beorach atá á ól ag daoine i do cheantar féin.
Taispeántar cad iad na beoracha atá ‘ag treochtú’ agus cén áit ina bhfuil siad ar fáil gar don úsáideoir.
Ní bheidh suim ag gach aon duine san fheidhmchlár nua seo, ach dóibh siúd ar spéis leo beoracha ceirde ach go háirithe, tá sé ina thobar luachmhar eolais luachmhar.
Is féidir Untappd a íoslódáil saor in aisce ar iOS agus ar Google Play.