Ó theacht ar ais ón Camino dom, tá mé ag déanamh fíor-iarracht a bheith níos aclaí agus a bheith ag ithe go sláintiúil. Is dócha go raibh sé de cheart agam seo a dhéanamh sula ndeachaigh mé ann ach nach fearr go mall ná go brach?
Chuaigh mé go rang circuits le mo mháthair Dé Luain agus bhí náire an domhain orm nuair a bhí sise, atá os cionn an leathchéid, níos aclaí ná mé agus in ann níos mó rudaí a dhéanamh. Bhí muid ag tógáil matán agus chreid mé go dtitfeadh na lámha díom nó go bpléascfadh mo chroí amach as mo chliabhrach.
Ar dhóigh éigin, d’éirigh liom teacht fríd agus bhí mé in ann leanúint orm go deireadh. Sílim gur aimsigh mé an chumhacht bhreise ionam féin mar gheall go raibh fancy agam don traenálaí agus bhí mé ag iarraidh go sílfeadh sé go raibh mé láidir agus aclaí.
Bhí rang spin againn leis Dé Céadaoin ansin, mar chuid den chúrsa céanna agus arís, mhothaigh mé mé féin ag obair níos déine agus ag dul níos gaiste ar an rothar ná mar a bheadh de gnáth. Chuir mé amach i mo bhéal leath bealaigh fríd (ná bí buartha, d’éirigh liom é a shlogadh siar arís) agus lean mé orm ag rothaíocht agus bhí mé ar bís gur éirigh liom an rang ar fad a dhéanamh gan bás a fháil.
Ní dóigh liom gur maith an rud é go raibh mé ag aclaíocht ar mhaithe leis an traenálaí ach níl a fhios agam an mbeidh mé in ann mé féin a bhrú gan é. Is beag gur féidir liom mé féin a bhrú le héirí ón tolg agus aclaíocht a dhéanamh.
Tá mé gafa le comhairle a fháil ón idirlíon na laethanta seo agus deir sé sin go dtagann an spreagadh sin nó go mbaineann tú pointe amach go mbíonn tú ag iarraidh imeacht ón teach agus giota allas a chur.
Mar sin féin, cé nach bhfuil mórán déanta agam go fóill, tá mé ag mothú níos fearr fúm féin i ndiaidh dom toiseacht ag déanamh aclaíochta. Tá mé ag déanamh iarracht níos mó cuma mhaith a chur orm féin agus mé ag dul ar obair — bím ag caitheamh gúnaí agus sciortaí deasa i gcónaí. Tá mé cinnte go bhfuil cúpla duine sásta m’fhobhríste a fheiceáil agus mé ag rothaíocht ar obair ar lá gaofar chomh maith!