B’éigean dom stop a chur leis na seisiúin chomhairliúcháin cúpla seachtain ó shin mar gheall go mbeadh orm duán a dhíol ar an mhargadh dubh le híoc as. Tá mé ag fanacht anois le dul chuig ceann atá saor in aisce nó níos saoire ar a laghad agus tá mé ag dúil go mór le bheith ar ais.
Bhí mé ag mothú iontach fúm féin sula ndeachaigh mé isteach chuig an chomhairleoir don seisiúin deireanach agus mé ag dul a rá léi go mbeinn ag fágáil. Shíl mé go mbeadh sí ar bís dom agus go n-inseodh sí dom go raibh mé réidh dó, go mbeadh cóisir bheag ann agus go mbeadh achan nduine ag bualadh bos agus mé ag imeacht liom amach sa domhan mór.
Iontas na n-iontas, ní mar sin a bhí!
In áit a rá liom go raibh an cinneadh ceart déanta agam, d’inis sí an fhírinne dom agus d’fhág mé an áit agus eagla an domhain orm an seomra a fhágáil agus ise a fhágáil i mo dhiaidh.
In ainneoin na heagla a bhí orm ag fágáil a hoifige dom, d’éirigh liom gan í go dtí an lá inné, nuair a bhí an chéad chomhartha agam go bhfuil sé in am dom a bheith sa tóir ar chomhairleoir nua.
B’éard a tharla ná gur mhúscail mé ar maidin agus ní raibh mé ag iarraidh dul ar an ollscoil. Ní raibh mé ag iarraidh imeacht ón leaba ar chor ar bith, agus cé go dtarlaíodh seo minic go leor bliain ó shin agus na blianta ar fad roimhe, níor tharla sé dom go fóill ó thosaigh mé ag dul chuig an chomhairleoir agus chreid mé, go soineanta, nach dtarlódh sé arís.
Ghéill mé agus d’fhan mé sa leaba go dtí meán lae agus chaith mé an chuid eile den lá ag dul don jigsaw — happy place s’agamsa, mar a déarfá. Ach níor mhothaigh mé mórán níos fearr agus mé ag dul a luí san oíche. Is dócha go raibh mé ag mothú ciontach gur chaill mé ranganna agus nár éirigh liom a bheith i mo dhuine fásta ceart don lá ach bíonn sé deacair rudaí deasa a rá leat féin nuair nach bhfuil tú ag mothú rómhaith fút féin, cé gurb é sin an t-am is mó atá sé de dhíth.
Bíonn frustrachas orm in amanna nuair a mhothaím mar seo mar gheall go bhfuil an oiread sin bainte amach agam cheana féin agus mothaím gur chóir dom a bheith buíoch as ach bíonn an saol deacair, agus bíonn sé níos deacra arís nuair atá tú ag streachailt le himní agus an dúlagar.
Cuidíonn sé liom go bhfuil mé in ann mo scéal a roinnt libhse, a léitheoirí NÓS, mar sin go raibh maith agaibh as ucht a bheith ag streachailt liom fríd an bhliain seo!