‘Buíochas le Dia, Mama, Daideo, agus Raiftearaí, tá focal nua Gaeilge agus Béarla agam’

Cúpla bliain ó shin iarradh orm canadh ag seoladh leabhair – anois b’fhéidir gur thairg Mama mé mar ionadaí uirthi féin mar gheall gur iarradh uirthi siúd ar dtús é ach go raibh uirthi freastal ar rud éicint eile. Athchóiriú a rinne Nollaig Ó Muraíle ar leabhar de chuid Dhubhghlais de hÍde, Amhráin agus Dánta Raiftearaí (nó Aráin agus Dánta an Reaċtaḃraiġ mar a thug An Craoibhín air).

Bhí Tadhg Mac Dhonnagáin, an té a d’fhoilsigh an leabhar lena chomhlacht foilsithe Futa Fata, ag iarraidh go mbeadh duine éicint i láthair a raibh cúpla amhrán de chuid Raiftearaí ar eolas acu le go bhféadfaí na dreasanna cainte a bhriseadh suas le cuid de shaothar an fhile féin.

Buíochas le Dia, le Mama agus le Deaideo, bhí ceathair nó cúig de dhánta Raiftearaí ar mo thoil agam ag an am mar sin glacadh liom. Thosaigh camchuairt ansin – chuaigh muid go dtí an Chultúrlann i mBéal Feirste, go caifé/bialann éicint i gContae an Chláir agus chomh fada soir fiú leis an gCrúiscín Lán sa Spidéal. 

Ní raibh mé chomh tour-áilte sin ó bhí mé i mo leaid óg ag canadh ‘Beidh Aonach Amárach’ i seó Ghuglaí Gug. (Arís le Tadhg… is dóigh go bhfuil sé thar cionn a bheith ag obair liom!)

Ach ba dheis iontach a bhí ann dom, caithfidh mé a rá, bhain mé an-taitneamh as. An rock-and-roll lifestyle ag canadh amhráin sean-nóis ag seoltaí leabhar. Níl a bhualadh le fáil.

Ar aon chuma ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair mé leabhar mar bhronntanas ó chara mo Mhama, agus céard a bhí ann ach Aráin agus Dánta an Reaċtaḃraiġ, an tríú cló ó 1969, scríofa sa seanchló agus sa seanlitriú. (un-focain-ríl!)

Bhuel bhí mé á léamh sin le gairid agus thug mé suntas do cheann de na dánta agus mé ag gabháil thríd na leathanaigh.

Anois teastaíonn beagán cultural context anseo. Anseo i gConamara, nuair a bhíonn cóisir nó féile nó ceiliúradh fiáin fairsing, nó fiú cineál aisteach, tugtar ‘Bainis an tS’leacháin Mhóir’ (‘saileachá’” a deir an Muraíleach a d’fhéadfadh a bheith i gceist cé gur ‘sleaḋṫán’, nó ‘sleadhthán’ atá sa scríobh s’againne, atá ag an gCraoibhín ann, focal nach féidir liom a fháil in aon fhoclóir) air. 

Ní raibh a fhios agam cén fáth ar tugadh é seo ar an gcineál sin ócáide nó gur léigh mé an dán. Sin é a tharraing mo shúil.

Ar ndóigh níor lig an Reachtabhrach cead d’áibhéil a theacht idir é agus scéal maith, mar sin ar ndóigh tá an chóisir is allta agus is fairsinge le bia agus le deoch, le gléas agus maisiú. Bainis a mhair seachtain más fíor don fhile dall agus daoine as chuile cheard den tír.

Mar a dhéanaim le ceann ar bith de na dánta seo, focal ar bith nach n-aithním, isteach liom ar Teanglann.ie agus déanann mé iarracht brí a chur leis na habairtí atá os mo chomhair. 

Bhí dhá fhocal a raibh nóta curtha leo a bhí ina alt mór fada ag íochtar an leathanaigh. Cé a d’fhéadfadh dul thairis sin théis dóibh é a thabhairt faoi deara?

“coirín eiris” a bhí sa véarsa aige agus is é an nóta a chuir sé leis:

“Is ionainn an coirín agus bhallet an tuincéara, budget i mBéarla, agus is é an eiris nó urais an strapa atá air. Ar an gcoróig dheis do bhíodh an coirín d’á iomchar (iompar), agus do bhíodh an strapa thart ar an ngualain chlé”

“budget i mBéarla”

Níor chuala mise “budget” dá chur ar rud ar bith riamh ach an méid airgid atá ag duine nó ag dream le caitheamh. Chuir mé ceist ar dheaide mar sin (Yank! Tá Béarla aige más fíor dó féin) agus sé an scéal céanna a bhí aige sin agus a bhí agamsa.

Isteach liom ar Dr Google ansin agus céard a bhí romham ach “from Latin bulga meaning ‘leather bag’”.

Aha! Is cosúil go dtáinig sé ón Laidin thrín bhFraincis go Béarla agus nuair a bhíodh an Chancellor of the Exchequer ag tabhairt tuairisc sa bParlaimint go ndéarfaí faoi “that he was to open his budget”.

Deir Google gur athraigh brí “budget” ón mála féin go dtí an méid a bhí istigh sa mála leis na blianta agus gurb in é an fáth a bhfuil “budget” againn mar fhocal ag an méid airgid atá le caitheamh ag an rialtas.

Anois tuigim go bhfuil an focal “cáinaisnéis” againn air agus déanann sé ciall mar gur faisnéis é ar an gcaoi a gcaithfear airgead cánach ach cén fáth nach féidir linn an focal “buiséad” a dhíbirt agus “coirín” a úsáid nuair atá méid áirid airgid ag duine nó ag eagraíocht le caitheamh.