Cá bhfaighimid post?

Más céimí thú atá ag cuardach poist sa teicneolaíocht faisnéise, sa chuntasaíocht nó sa bhaincéireacht, seans maith go dtiocfaidh tú ar fholúntas éigin a d’oirfeadh duit anseo in Éirinn.

Innealtóirí agus feirmeoirí, tá áit anseo daoibhse freisin.

Lucht an leighis, tá fáilte romhaibh chomh maith, cé gur seans go bhfágfaidh sibh an tír i gcomhar tuarastail níos fearr agus uaireanta oibre níos lú ar aon nós.

A mhúinteoirí, céard a dhéanfaidh muid gan sibh?

Rogha choitianta is ea an mhúinteoireacht go fóill cé nach leor na poist do líon na múinteoirí cáilithe sa tír agus gur sin mar a bhí le fada an lá.

Lucht cróga na seirbhísí éigeandála, tá sibh ag teastáil go géar, ach b’fhéidir go n-iarrfaí oraibh oibriú go deonach.

A smaointeoirí sna dána, ceoltóirí, ealaíontóirí agus an dream eile taobh amuigh de na réimsí thuas ar fad, beidh oraibh tarraingt ar bhur scileanna cruthaitheacha agus a bheith seiftiúil solúbtha i mbun do chuid fostaíochta más maith leat fanacht in Éirinn, agus amach ó scuaine Oifig an Leasa Shóisialaigh.

Bhí níos mó ná 2,500 post a thairiscint do chéimithe ag comhlachtaí a bhí i láthair ag ócáid fostaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) le déanaí.

Ar an mórchuid, ba chomhlachtaí teicniúla iad, a bhfuil neart acu sa tír bheag seo, agus iad compordach leis an ráta íseal cánach a ghearrtar orthu.

Ina measc bhí an comhlacht ríomhaireachta HP, a bhfuil 750 duine fostaithe acu sa lárionad bogearraí i nGaillimh, agus codán post ar fáil gach bliain go sonrach do na céimithe is déanaí a leag uathu an caipín.

Bhí an-tóir ar dhream an airgeadais chomh maith, le níos mó iomaíochta sa chuntasaíocht i gcomparáid le blianta roimhe.

Dúirt Andrea Paolella ón gcomhlacht airgeadais PwC le NÓS go bhfuil ‘athrú mór’ feicthe acu i dtaobh na hearcaíochta le dhá bhliain anuas agus go bhfuil comórtas dian idir na comhlachtaí móra chun na daltaí is láidre a tharraingt ina dtreo.

Is am maith é, dar le hAndrea, le bheith ag teacht amach as an ollscoil má tá tú ag dul i mbun na seirbhísí airgeadais.

Ba dheas a chloisteáil go dtuigeann an comhlacht Accenture go bhfuil buntáiste mór i gceist le daoine ar réimse éagsúil taithí agus cáilíochtaí a fhostú, mar a mhínigh urlabhraí an chomhlachta Anthony Grady le NÓS.

“Má chuireann tú grúpa innealtóirí isteach i seomra agus má iarrann tú orthu fadhb a réiteach, beidh an fócas céanna acu ar fad, ach má chuireann tú daoine eile ó chúlra na n-ealaíon isteach chomh maith, gheobhaidh siad réiteach iomlán difriúil ar an bhfadhb.

“Sin mar a smaoiníonn Accenture agus muid ag earcú daoine,” ar sé.

Tá gradaim bainte amach ag an gcomhlacht céanna mar gheall ar an gcur chuige seo agus sílim go bhfuil níos mó den sórt smaoinimh sin ag teastáil i measc comhlachtaí móra.

D’aithrígh mé beagán níos muiníní ó thaobh an gheilleagair de agus mé ag fágáil OÉG an lá sin.

Is cosúil go bhfuil níos mó féidearthachtaí i láthair na huaire dóibh siúd ar mhaith leo saol a thógáil in Éirinn.

Ach ansin smaoiním ar roinnt de mo chairde féin atá tar éis céim a bhaint amach sna healaíona; an stair, an scannánaíocht, an ealaín, an ceol srl.

Ní raibh mórán deiseanna, mar bhí fiú deis amháin, sa seomra sin a bheadh feiliúnach dóibh.

Más duine den dream sin thú, bí ag súil le tréimhse mhaith i mbun intéirneachtaí agus obair saor in aisce.

Tá meon ann nach gá pá ceart a thabhairt don dream áirithe seo agus don té atá ag tosú amach b’fhearr i bhfad luach an taithí ar CV ná airgead sa phóca.

Is dearcadh dainséarach é sin a d’fhás leis an Tíogar Ceilteach, agus atá fós ag fás le scéimeanna ar nós JobBridge a bhaineann an bonn de luach an oibrí

Díreach inné d’fhág mé slán le duine eile de na cairde sin atá ag tabhairt aghaidhe ar Cheanada ar thóir oibre san earnáil scannánaíochta.

Agus muid ag gluaiseacht níos faide agus níos faide isteach in Éirinn chorparáideach, fágann muid slán le lucht óg ilchumasach.

Tá an droichead seo le sárú fós chun réimse leathan an taithí, na smaointí agus na nuálaíochta a rugadh anseo in Éirinn a choinneáil sa tír féin.

SCÉALTA EILE