Tráth na gCeist Boird, Club Chonradh na Gaeilge, BÁC / Déardaoin 14 Bealtaine @ 20:30
Tá focal amháin i dteanga an bhéarla a chríochnaíonn sna litreacha ‘mt’, cén focal?
Cén t-aisteoir mór le rá a bhí i ról an phóilín sa bhfíseán Fairytale of New York, le The Pogues agus Kirsty McColl?
An mó barraicín atá ag madra?
Má tá freagraí na gceisteanna sin agat, nó muinín agat as na fíricí atá de ghlanmheabhair agat, seans go mbeidh spéis agat bheith i láthair i gClub an Chonartha Déardaoin seo chugainn.
Beidh Tráth na gCeist boird ar siúl, atá á reáchtáil ag Na Cnocadóirí, an club siúil sléibhe atá lonnaithe san Ardchathair.
Rachaidh an brabús a bhaileofar chuig Ciste Tarrthála Chrith Talún Neipeal. Cúis mhaith.
Ní gá aon fhoireann a eagrú roimh ré mar go gcuirfear tú ar fhoireann más i d’aonair a bheidh tú.
Dreamt, Matt Dillon, agus 18, dála an scéil.