“The greater danger for most of us lies not in setting our aim too high and falling short; but in setting our aim too low, and achieving our mark” – Fear an Renaissance, Michelangelo di Lodovico
Cuireann caint an Iodálaigh ildánaigh Michelangelo tine faoi mo thóin a spreagann mé chun spriocanna móra a leagan dom féin, agus dul ina ndiaidh ar nós an diabhail.
Ní hé go bhfuil spreagadh Michelangelo uaim i gcónaí i bhfírinne.
Is ball de Ghaeil Bhéal Feirste mé.
Is cuma linn sa tsoic faoi theorainneacha, constaicí nó tuairim na n-údarás.
Ní bheadh an Ceathrú Gaeltachta againn dá mbeadh muid ag caitheamh ár gcuid ama ag déanamh buairimh faoi na rudaí atá do-dhéanta.
Bhí an cur chuige céanna ag ár gcomrádaí Ché Guevara;
“Be realistic, demand the impossible!”
Ag an am céanna, tosaíonn gach aistear le coiscéim amháin, agus níos tábhachtaí ná sin, tosaíonn sé le fís.
Ní gá go mbeadh fios an bhealaigh agat go beacht agus tú ag tosú amach ar aistear, ach cinnte gur gá duit a bheith ar an eolas fá cheann scríbe.
Cá háit ar mhaith leat dul? Cá bhfuil do thriall?
Nach mór an tubaiste a bheadh ann dá má rud é gur chaith tú blianta ar an aistear chun fáil amach ar deireadh go raibh tú ar an bhóthar mhí-cheart i dtólamh?!
Ní beag an jab é dúinn oibriú amach cár mhaith linn bheith i gceann míosa, gan a bheith ag trácht ar an am seo an bhliain seo chugainn, i gceann cúig bliana, nó deich mbliana fiú.
B’fhéidir go mbeidh ort dul go domhan isteach sa mhachnamh le freagra na ceiste sin a fháil, nó seans go bhfuil an freagair ar do theanga agat cheanna féin.
Is fiú go mór an t-am seo a chaitheamh ag oibriú amach cár mhaith leat dul, cuma cé chomh fada is a ghlacann sé ort.
Tá a fhios agam cad é a ba mhaith liom a bhaint amach sa chúig bhliain atá os mo chomhair, a bheag nó a mhór, agus tá barúil agam cén saghas saol ar mhaith liom a chaitheamh tar éis é sin chomh maith.
Tá spriocanna agam ar mhaith liom a bhaint amach ó thaobh an ghnó de, taisteal, spórt, airgead, teaghlach srl, agus tá siad leagtha amach go soiléir agam i bhfoirm pictiúr agus focal ar mo fhís-chlár.
Ghearr mé pictiúir amach de na háiteanna ar mhaith liom cuairt a thabhairt orthu, an saghas teach ar dheas liom cónaí ann, spriocanna aclaíochta, i measc rudaí eile.
Aisteach go leor, tá na rudaí ar mo fhís-chlár ag tarlú san fhíor-shaol ceann i ndiaidh a chéile.
Spreagann sé mé go mór a bheith in ann na rudaí ar mhaith liom a bhaint amach a fheiceáil ar an bhalla gach lá.
Fiú mura bhfuil mé ag tabhairt aird dhíreach ar an chlár, tá sé i gcónaí ann.
Ar ndóigh, ní shíltear mar a bhítear i gcónaí, agus ní oibríonn rudaí amach mar a thuar tú go minic.
Seans go mbeidh orm roinnt de na físeanna s’agam a thréigeadh ag pointe éigin, ach faoi láthair tá mé sásta go bhfuil siad agam ag tabhairt treo dom.
Tá rudaí eile agam ar an chlár ar nós; focail a chuireann síos ar bhun-luachanna s’agam, an fhís mhór atá agam don ghnó, ACLAÍ, rialacha beag a chuidíonn liom a bheith níos eagraithe, an dán ‘Rithim an ama’ le Bobby Sands, cúpla ráiteas a thugann misneach agus spreagadh dom, agus an fhealsúnacht atá agam agus mé i mbun oibre. Sin scéal do lá eile, ach inniu fad do lá ach mar mholadh duit inniu;
1. Déan liosta de na rudaí ar mhaith leat a bhaint amach sa ghearr tréimhse, agus san fhad tréimhse,
2. Faigh grianghraif nó íomhánna de na rudaí atá ar intinn agat agus tar ar shleachta a bheas mar ábhar misnigh agat.
3. Cuir ar chlár bioráin iad, agus croch suas ar an bhalla é.
Anois agus an ceann scríbe leagtha amach agat, aimseoidh tú an bealach chuige!