Bhí Tubridy ar siúl ar an bhosca bheag oíche Aoine cúpla seachtain ó shin. Agallamh éigin le fear éigin a bhfuil na milliúin meallta aige as bheith ag imirt cluichí ríomhaire agus a bheith i mbun tráchtaireachta orthu ag an am céanna. Thit an lug ar an lag orm. Ní raibh uaim i ndáiríre ach clár sultmhar nach mbeadh trom ar an inchinn. Ach mhothaigh mé na cealla inchinne ag dul i ndísc agus san aois atá agam féin, a léitheoir, ní mór dom príosúnach a dhéanamh de gach uile chill gan a bheith á gcur amú ar dheargthruflais.
Mar sin féin bhí sé róluath dom dul a luí ach ní raibh de ghiuirléid éalaithe agam ach an cianrialtán. Ar ámharaí an tsaoil ní raibh achar rófhada le dul agam le slí mo tharrthála a aimsiú. Nó bhí an scannán The Bucket List ar siúl ar leathchúpla RTÉ 1.
Dóibh siúd nach bhfaca go fóill é, is scéal é faoi bheirt othar, Morgan Freeman, meicneoir, agus Jack Nicholson, fear mór gnó, a raibh na múrtha airgid aige agus iad buailte go dona ag an ailse agus iad ag deireadh a saoil. Níl aithne acu ar a chéile go mbíonn siad cuachta in aon seomra ospidéil amháin agus gan ach cúpla mí fágtha ar an saol ag an bheirt acu.
Bhí Freeman lá ag meabhrú go domhain faoina shaol, gur thosaigh ag cumadh liosta de na rudaí ba mhaith leis a dhéanamh sula n-imeodh sé, a “liosta buicéid”. Ach níorbh fhada i mbun an ghnó sin é gur mheas nárbh fhiú faic é agus gur chaith uaidh ar an urlár é.
Nuair a fhaigheann Nicholson greim ar an liosta, cuireann sé leis agus cinneann siad beirt tabhairt faoin liosta le chéile.
Tá an scannán féin breac le línte cliste breátha ach tá líne amháin a thugann an chraobh léi.
Freeman: (agus é ag léamh os ard mian amháin a chuir Nicholson leis an liosta): An cailín is áille ar domhan a phógadh? HA! Cad é mar a rachaidh tú ina chionn sin?!
Nicholson: (Agus loinnir ina shúile): Líon.
Ach aige seo an bua. Ní i bhfad uilig a bhí siad i mbun a n-aistir – iad i ndiaidh spéirthumadóireacht a dhéanamh, tatú a fháil agus carranna rásaíochta a thiomáint mar a bheadh spraoithiománaithe óga ann. Is ansin a d’fhiafraigh Freeman de Nicholson:
“Cad é ba mhaith leat a dhéanamh anois?”
Líne an-simplí. Ach cad chuige ar roghnaigh mé an líne sin thar a raibh de línte iontacha sa scannán?
Ba ghnáthdhuine go smior a bhí i bpearsa Freeman – b’fhada ón spéirthumadh, agus ó charranna móra ardluais a tógadh é. Agus ba léir nár shantaigh sé maoin shaolta. Ach léirigh an líne seo an cíocras nua chun beatha, an santú úr chun spraoi agus spóirt a bhí ann.
Thuig sé go raibh sé i bhfoirceann a shaoil agus go raibh sé chomh maith aige an oiread a shacadh ina shaol ag an staid sin agus ab fhéidir.
Agus chuir seo ag smaoineamh mé — cad é ba mhaith liomsa a dhéanamh anois? Agus go deimhin féin, cad é atá déanta agam go dtí seo?
Ní hé gur ag cur chun cinn na bréagfhealsúnachta atá mé. Agus níl fúm sibh a bhá le lear mór sleachta clúiteacha liosta ach oiread.
Ach is maith na ceisteanna seo a chur orainn féin in amanna. Cad é do liosta mianta féin? An bhfuil ceann agat go fiú?
Gníomhartha. Bearta. Eachtraí. Cuimhní cinn. Fíorú aislingí.
Lean do chomhairle féin. Téigh do bhealach féin — bíodh sé cam nó díreach mar ród. Is ann atá splanc an tsaoil.
Is fada mé ag smaoineamh ar thuras a thabhairt ar fud na hEorpa i veain champála mar shampla.
Ach cén fáth nár thug mé faoi go fóill? Leisce? Easpa misnigh agus uchtaigh? Cá bhfios? Ach ní thiocfaidh an aisling sin ná aon aisling eile faoin spéir chun fíre gan cur chuici.
Tá an mhéar fhada agam ag dul i méid agus in ainmhéid – bheadh Éamonn na lámh siosúir é féin in éad liom! Tá sé in am agam féin giota a bhaint di! An ndéanfaidh tú féin amhlaidh?
Is fearr go mall ná go brách, cinnte, ach samhlaigh an t-aithreachas a bheadh orainn dá mbeadh sé rómhall?
Cuirimis féin an cheist sin orainn féin, “Cad é ba mhaith liomsa a dhéanamh anois?”
Agus níos tábhachtaí fós, b’fhéidir: “Cad é a dhéanfaidh mé anois?”
Léimis NÓS, ar ndóigh agus Éistimis le NÓS, cinnte, ach Brisimis Sean-Nósanna agus Déanaimis Nósanna Nua. Anois. Inniu. Amárach. Feasta.