Ag smaoineamh siar dom go dtí an chéad Lá na Máithreacha is cuimhin liom. Bhí mé sna naíonáin mhóra ar scoil. Rinneamar cártaí dár máithreacha faoi stiúir an mhúinteora Máiréad. Bhí mé an-bhródúil as mo cheannsa, croí mhór ar pháipéar bándearg agus na focail “Don Mhamaí is Fearr ar Domhan” scríofa air.
Bhí an croí clúdaithe le gliú agus dóthain gealra air a chuirfeadh náire ar Elton John. Rith mé go carr mo mham i ndiaidh na scoile agus gliondar áthais ar mo chroí. Bheadh Mam chomh sásta le m’iarracht. Sháigh mé an chlúdach litreach isteach in a glac le bród, agus d’impigh uirthi é a oscailt ar an bpointe. Stróic sí an clúdach litreach as a chéile agus tháinig amach spéirling gealra ag scaipeadh ar fud an chairr.
“Go raibh míle maith agat,” a dúirt sí le leamhgháire ar a haghaidh, ach lasair an díomá ina súile. Lá na Máithreacha agus bheadh uirthi leathuair a chloig a chaitheamh ag hooveráil an chairr.
Ag féachaint siar ar an eachtra seo anois, tuigim céard a bhí ar siúil. Bhí mo mháthair in sna tríochaidí ag an am. Bhí triúir clainne uirthi agus beirt thuismitheoirí críonna. Bhí a máthair féin ag fáil bháis leis an ailse agus bhí uirthi cuairt a thabhairt uirthi go minic.
‘Glúin na gCeapairí’ a thugtaí ar leithéid mo mham. Daoine a bhí idir dhá thine Bhealtaine. Bhí sí ag tabhairt aire do pháistí óga agus do thuismitheoirí a bhí ag dul in aois.
Cinnte bhí m’athar cabhrach agus cneasta, ach thit tromlach na hoibre ar ghuaillí mo mháthair, scéal nach bhfuil neamhchoitianta sa lá atá inniu ann ach an oiread.
Thug mé bronntanas do mo mham Lá sin na Máithreacha ach níor thug mé di an rud a bhí de dhíth uirthi — tuiscint agus cabhair.
Le déanaí, tá an-chuid le rá ag feiminigh mar gheall ar choincheap an mental load. ‘An t-ualach meabhrach’ a ghlaofaidh mé air san alt seo. Is é an t-ualach meabhrach ná an brú atá ar mhná cúrsaí tí a riaradh.
Cinnte agus muid ag fás aníos, cheapamar gur cailleach a bhí i mo mham go minic agus í ag tabhairt orduithe do gach éinne agus go raibh daid sound á thógáil go bog.
Ní raibh mo dhaid leisciúil, dhéanadh sé jabanna timpeall an tí — nuair a iarradh air. Ní smaoineodh sé ar na rudaí seo a dhéanamh as a stuaim féin. An t-ualach meabhrach nuair a bhíonn ar mháithreacha liosta chúramaí an tigh a choinneáil ina gceann de shíoraí :
“An bhfuil bainne sa chuisneoir? Ar síníodh obair bhaile Shorcha? Cathain a bheidh an chéad chuairt eile ar an bhfiaclóir ag Liam? An bhfuil máthair Mhíchíl ag iarraidh teacht chun an dinnéir Dé Domhnaigh? Ar cíoradh gruaig Shorcha? An bhfuil Liam ag féachaint ar rudaí mí-oiriúnacha ina sheomra leapa? An bhfuil an cairpéad róshalach do theacht an chuairteora?”
Liosta gan chríoch. Bheadh duine ar bith traochta! Cinnte is féidir leis an mbean na tascanna seo a dháileadh ar mhuintir an tí, ach bíonn an t-ualach anuas uirthi i gcónaí.
Mar sin cad is fiú Lá na Máithreacha? Lá amháin in aghaidh na bliana a dhéantar ceiliúradh ar obair na mban, obair a mhaireann ar feadh 24 uair an chloig in aghaidh an lae? (Nollaig na mBan as an áireamh).
Ceapaim gur céillí i bhfad Lá na Máithreacha a bheith againn uair sa tseachtain in áit uair sa bhliain. Gach Domhnach, mar shampla d’fhéadfadh sé a bheith mar riail an teaghlaigh go mbeadh cead ag bean an tí a scíth a ligean go hiomlán agus go ndéanfadh gach éinne eile gach aon rud timpeall an tí.
Bheadh orthu cuimhneamh ar na tascanna iad féin, seachas mam a bheith cráite ag déanamh liostaí. Bheadh sé deacair ar dtús ach rachadh muintir an tí i dtaithí air agus d’fhoghlaimeoidís freagracht agus féinspreagadh. Níor rugadh mná ag iarraidh bheith ina ‘nags’ nó ina cailleacha. Ach sin an t-ualach a cuireadh orainn, mar sin má fheiceann tú bealach le cabhrú linn, déan é!
Mar fhocal scoir, chuala mé roinnt daoine ag gearán nach dtugtar an suntas céanna do Lá na n-Aithreacha agus a thugtar do Lá na Máithreacha. Maidir leis sin níl ach an t-aon rud amháin le rá agam — bíonn Lá na n-Aithreacha ann gach lá!