Caithfear as an teach muid i gceann 60 lá…

Fuair muid scéala ón tiarna talún cúpla seachtain ó shin le rá go raibh seans ann go mbeadh a mhac ag filleadh ar Éirinn agus go gcaithfí as an teach muid dá dtarlódh sé sin. Níor shíl muid mórán de sin ag an am mar gheall gur dúradh linn gur dócha nach dtiocfadh sé ar ais nó go bhfaigheadh sé a áit féin dá bhfillfeadh sé.

Bhí iontas orm, mar sin, nuair a sheiceáil mé mo ghuthán i lár scrúdú agus nuair a chonaic mé teachtaireacht ó mo chéile tí ag rá go bhfuil 60 lá fágtha sa teach againn agus go mbeidh orainn lóistín nua a fháil ina dhiaidh sin. Mhothaigh sé ar nós gur cheangail duine éigin bríce de mo chroí agus gur chaith siad ó Dhroichead Wolfe Tone é.

Níl mé sa teach seo anois ach ó mhí Mhéan Fómhair agus ní hé an teach is deise ar domhan é ach tá mé chomh sásta le muc ann. Tá an oiread sin grá agam don teach seo agus do na daoine a bhfuil mé i mo chónaí leo nach bhfuil mé fiú ag iarraidh mo shaol a shamhlú gan iad. Ní raibh aithne agam ach ar dhuine amháin acu sular bhog mé isteach ach tá muid ar nós teaghlach beag anois a thugann aire dá chéile agus tá madadh beag againn agus achan rud! (Nipper atá uirthi agus tá sí GALÁNTA.) 

Tá an teach i lár Chathair na Gaillimhe, cóngarach go leor don abhainn agus sáite i lár na craice. Tá mé in ann siúl chuig an trá, tá an ollscoil thuas an bóthar agus tá príomhshráid na Gaillimhe ar leac an dorais agus ní bheinn in ann mé féin a shamhlú anois i mo chónaí áit ar bith eile. Tá mé chomh sásta sin anseo go raibh mé ag déanamh giota beag taighde faoi mháistreacht a dhéanamh ar an ollscoil anseo sula ndéanaim cinneadh faoi mo shaol i ndiaidh na hOllscoile. 

Ach is dócha anois go mothaím gur cuireadh brú ar an chinneadh sin agus go bhfuil orm é a dhéanamh anois agus mé ar lorg teach nua anois seachas i ndiaidh na Nollag nuair a bheas rudaí níos socraithe agam. 

An fáth go sílim sin ná más é go bhfuil mé ag iarraidh máistreacht a dhéanamh, bheinn ag iarraidh áit dheas lárnach a fháil a mbeinn sásta fanacht ann go bhfuil an mháistreacht críochnaithe agam. Ach muna bhfuil mé ag iarraidh sin a dhéanamh, níl áit uaim ach go dtí go mbeidh an bhunchéim críochnaithe agam i mí na Bealtaine. 

Mar sin, in áit a bheith ag díriú isteach ar an scrúdú sin a bhí á dhéanamh agam bhí cliseadh mothúchán agam agus d’éirigh mé iontach buartha faoin todhchaí, an easpa roghanna a bhí agam agus faoin dóigh nach bhfuil an saol cothrom agus achan rud eile. 

Níor imigh an imní sin go fóill. Bíonn amanna ann a ndéanaim dearmad air ach imíonn an bríce sin thar Dhroichead Wolfe Tone arís agus bím ar ais ag bárcadh allais agus ag iarraidh go músclóinn mé agus go bhfaighinn amach nach raibh ann ach tromluí. 

Nó tá seans ann go bhfuil mé imithe giota beag ar mire mar gheall go mbeidh lánghealaí ann anocht, go mbeidh mé tagtha ar ais chugam féin arís i gceann cúpla lá agus go mbeidh an imní agus an bhuairt ar fad imithe. Beidh dóchas agam go fóill. 

SCÉALTA EILE