Carachtairí na Leithinse: Breandán agus Aoileann

Go Márthain i bParóiste Mhárthain atáim dulta d’eagrán mhí Dheireadh Fómhair de Charachtair na Leithinse, chun bualadh le lánúin atá ag ceiliúradh leathchéad bliain a bpósta an mhí seo! Is iad san Breandán Mac Gearailt agus a bhean chéile Aoileann. Is deacair cur síos orthu, mar go bhfuil an t-iliomad cleití ar a hataí éirimiúla. Bhíodar riamh agus táid fós ana-ghníomhach i saol na polaitíochta, na scríbhneoireachta, na foilsitheoireachta, an cheoil agus na n-amhrán, i saol an phobail, na Gaolainne agus na Gaeltachta. 

Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann? 

Breandán: “Bhuel, an chéad chuimhne atá agamsa ach go háirithe ná nuair a dhóigh mo dheartháir, an fear ba shine ar an gclann, dhóigh sé an cnoc nuair a bhí m’athair is mo mháthair sa Daingean agus bhí sé ag cur an mhilleáin ansan ar dhaoine a bhí ag siúl an chnoic ach rógaire ab ea é agus bhí útamáil mar gheall air ach ní raibh m’athair róshásta! Ní raibh aon chruthú aige gurbh é a dhein é ach bhí sé ana-chrosta, lán do rógaireacht, níorbh é sin an chéad bhabhta aige!”

Aoileann: “Níl aon rud ana-spéisiúil ann. Is cuimhin liom an chéad lá ar scoil ach an chéad chuimhne i dteannta a chéile mar lánúin againn, ní dhearúdfaidh mé go deo é seo. Dh’imíomar ar mhí na meala tar éis dúinn pósadh agus bhí mótar ag Breandán, an dtuigeann tú, agus thug mo dheartháir mótar domsa nuair a phósamar, mótar dara láimhe ach mótar agus chuamar timpeall na hÉireann ar mhí na meala i mótar Bhreandáin, is dóigh liom, agus ansan thángamar ar ais go Bleá Cliath. Chaitheamar oíche i mBleá Cliath i dtig mo mháthar agus líonamar suas an dá mhótar. An uair sin, bronntanaisí pósta a gheofá, boscaí, beartanna, na haon rud agus líonamar suas an dá mhótar le gach rud a tugadh dúinn agus bhailíomar linn bóthar Náis ó dheas, Breandán romham amach agus mise laistiar. 

Theip an clutch i mótar Bhreandáin. Anois, tráthnóna Sathairn ab ea é i Nás na Ríogh, bhí sé in ann gluaiseacht gan clutch chomh fada le garáiste. D’éirigh linn garáiste a aimsiú sa bhaile. D’éirigh linnmechanic a aimsiú a bhí sásta ragobair a dhéanamh tráthnóna Dé Sathairn ach dúirt sé go mbeadh sé ar a laghad a sé a chlog tráthnóna sula mbeadh sé socraithe. Bhí cóisir do na gaolta i gCiarraí socraithe ag Breandán  ‘dTig Uí Mhurchú ar an mBuailtín, Tig Chití ab ea an uair sin é agus bhí a mháthair is a athair i gceist chomh maith mar cheapadar sin go rabhadar beagáinín aosta, ná raibh an tsláinte go hiontach acu is ná rachaidís go Bleá Cliath don bpósadh ach go mbeadh ceiliúradh i gCiarraí acu, so, ní fhéadfaimis an mótar a bhí le socrú a fhágaint mar ní fhéadfaimis é chur ar ceal, mar ní raibh gutháin ag daoine sa tig an uair sin, gan trácht ar fón póca. Ní fhéadfadh an bheirt againn imeacht mar sin, chaithfeadh duine éigin imeacht. 

Ní fhéadfaimis mótar a fhágaint inár ndiaidh mar bhí sé lán go barra de rudaí luachmhara a tugadh dúinn, so, bheartaíomar ar deireadh go dtiomáinfeadh Beandán abhaile i mo mhótar-sa, go mbeadh sé in am don gcóisir agus go bhfanfainnse leis an mótar eile i Nás na Ríogh. Sean-Volkswagon Beatle ab ea é agus socraíodh ar deireadh é agus bhí sé 1.30 ar maidin sular bhain mé tig mháthair is athair Bhreandáin amach agus bhí máthair Bhreandáin ar a glúine agus í ag rá an phaidrín ag súil go dtiocfainn slán.” 

A leithéid d’óspairt! I mBleá Cliath a phósadar sa bhliain 1972.

Cad é an lá is fearr a bhí riamh id’ shaol agat?

Aoileann: “Bhuel, cinnte cúpla rud. Caithfidh tú glacadh le cheithre lá! Nuair a saolaíodh ár n-iníon ar dtús agus ansan ár mac agus ansan go háirithe nuair a saolaíodh an chéad gar-iníon. Thíos i gCorcaigh a saolaíodh í, Nell, is chuamar síos ar bhus agus shiúlamar isteach an ospidéal agus cuireadh isteach i mo dhorn í agus níl aon rud mar é! Do leanbh féin, bíonn sé go hiontach ach bíonn tú tinn agus bíonn tú traochta. 

Ansan, ina dhiaidh san, an chéad toghchán a troideadh d’Údarás na Gaeltachta do Bhord neamhspleách. Aimsir na Nollag 1979 a bhí an canbhasáil ann agus an toghchán agus an chomhaireamh agus toisc go raibh mise ag obair i dTrá Lí, dúradh liom bualadh isteach go dtí an gcomhaireamh. Níor thuigeamar faic faoi tallies agus toghchánaíocht. Chuaigh mé isteach timpeall ar a 11 agus tharla gur romham amach a osclaíodh bosca na Rinne agus bhí fear ón Rinn ag seasamh é féin, Nioclás Mac Craith agus bhí nach mór gach aon uimhir a haon fachta ag Nioclás Mac Craith mar a bhí ceart agus cóir. Dá mbeadh gan bean, leanbh agus páiste sa Rinn tar éis vótáil do, ní raibh a dhóthain daoine ann chun é ‘chur isteach san Údarás. Bhí uimhir a haon, Mac Craith, uimhir a dó, Mac Gearailt, Breandán ar aghaidh agus ar aghaidh. Ní dóigh liom go dtóg éinne ceann dó sin ach mise. 

Chuaigh mé amach, d’aimsigh mé teileafón in áit éigin, ghlaoigh mé ar Bhreandán agus dúirt mé leis, ‘tá tú ag dul isteach agus is iad muintir na Rinne a chuirfidh isteach tú.’ Bhí an raidió ag rá ag an am ná raibh aon seans aige mar ná raibh dóthain uimhir a haon fachta aige. 

Bhí an lá sin go hiontach, mar bhí Breandán ar feadh a shaoil ag iarraidh rudaí a chur ina gceart agus cabhrú le daoine, bhíomar ag iarraidh an Ghaolainn a chur chun cinn, bhíomar ag lorg raidió don nGaeltacht, rud a bhí fachta faoin dtráth sin, bhíomar ag lorg Údarás don nGaeltacht, tháinig sé. Bhí ana-chuid daoine inár gcoinne, dúradar ná raibh aon tacaíocht ón bpobal acu, ach tháinig an pobal amach ambaiste agus chuir siad isteach an fear neamhspleách.”

Deir Breandán gurb é an lá is fearr a bhí riamh aige féin ná an lá a phós sé! 

“Ar deireadh, bhí suaimhneas agam, agus bhaineas ana-thaitneamh ar fad as agus bhíos ana-shásta agus táim ana-shásta leis an mbean a phósas mar níl aon bhean eile go mbeadh oiread foighne aici! An tarna ceann is dócha, ná, mo chéad chomaoine. Ar dtús, cheapas gur naomh mé agus cheap na héinne gurb ea agus bhíos ag fáil leathchoróin agus pinginí os na héinne agus bhí ana-lá agam agus an tríú ceann ansan ná an chéad toghchán. 

Sin iad na trí rud is mó go mbaineas taitneamh astu agus rud amháin i gcónaí a bhí agam, d’insínn an fhírinne. Ní bhínn riamh ag scaothaireacht agus ag cur dallamullóg ar dhaoine ach aon rud amháin, éinne a bheadh ag iarraidh an bonn a bhaint uaim, gheobhadh sé a bheith aige!”

Cén saghas daoine iad Breandán agus Aoileann?

Breandán: “Duine is ea mise go bhfuil go leor cainte agam. Bainim ana-shásamh as scéalta seoigh is mar sin agus bainim ana-shásamh as an saol, a bheith ag caint le daoine agus a bheith ag piocadh orthu is rudaí mar sin ach ar an dtaobh eile den scéal, bhaineas ana-shásamh as an saol go dtí seo, cé go mbaineadh cúpla barrathuisle asam ach mar sin féin, ní chuir sé sin puinn isteach orm. Bhíos ana-mhór le daoine, mná is fearaibh, bhíodar go léir go diail agus bheinn ag caint go brách mar gheall orthu.”

Dála an uile dhuine eile a d’fhreagair an cheist, faigheann Aoileann deacair é teacht ar fhreagra, ach deineann go deimhin.

“Ach oiread le Breandán, chreidfimis in ana-chuid des na rudaí céanna agus bheimis ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí ach bheadh an diabhal ormsa chun labhairt amach dá gcífinn rud éigin nár thaitin liom! Is dócha gur mó namhaid a tharraingíos air siúd agus orm féin!

“Ach taobh amuigh de sin, is breá liom an ceol, is breá liom a bheith ag siúl na gcnoc. Is breá liom freisin, leabhar maith agus suí isteach cois na tine agus é a léamh agus dearúd a dhéanamh ar an saol lasmuigh.” 

Is féidir liom san a shamhlú, cinnte. Tá an seomra suite inar labhairt an bheirt liom lán suas go barra de leabhair, radharc ar na cnoic amach acu agus tine bhreá lasta agus an cat ag crónán leis!

Cad í an chomhairle a chuirfidís ar an aos óg?

Aoileann: “Bain sásamh as gach aon lá.”

Breandán: “Dein do chúram fhéin, is lig dod’ chomharsa!”

An nath cainte is fearr leo

“De réir a chéile a thógtar na caisleáin,” a deir Aoileann!

Bhí sé deacair ar Bhreandán teacht ar cheann, cé go bhfuil leabhar nó dhó, nó trí scríte aige ina dtaobh! Ar deireadh, roghnaigh sé, “sás a dhéanta a chuimhnigh air.” Mhínigh sé an ceann san dom, “fear a bheadh ag caint mar gheall ar rud éigin a deineadh, go raibh sé go hainnis, abair, agus sé féin an chéad duine a dhéanfadh é.” 

An clár teilifíse/raidió is fearr leo

Is maith le hAoileann cláir faisnéise, a deir sí, “agus is breá liom an Nuacht. Lasmuigh de sin, chasfainn amach teilifís ar fad, ní bhacfainn leis agus is breá liom Togha agus Rogha! Le déanaí go háirithe, bíonn rogha iontach ceoil ag an láithreoir ar Thogha agus Rogha. Bainim ana-shásamh as maidin Dé Sathairn.” Is breá le Breandán leis Togha agus Rogha Dé Sathairn ar Raidió na Gaeltachta agus is é an t-amhránaí Nioclás Tóibín an bas ar fad acu, dar leis. 

“Iad ag caint ar dhaoine a bhí pósta, is seo, súd. Bíonn an ceol ana-mhaith chomh maith. Bíonn ana-spórt air, tá sé ar nós Clint Eastwood, “The Good, the Bad and the Ugly, ach, The Good, the Bad and the Silly!”

Is breá leis aon saghas clár spóirt chomh maith, a deir sé, ach “níl aon suim agam,” a deir sé, sa tsacar ná sa rugbaí mar le Sasana ab ea iad san agus féadfaidh siad iad a choimeád! 

“Ach fé mar a dúirt Paddy an tSaorsaigh fadó, ‘nuair a thagann an Gheimhreadh,’a dúirt sé, ‘caithfimid cur suas le sacar agus le rugbaí,’ ach níl aon tsuim agamsa ansan.”

Bhuel! Bhí ana-chúpla uair a chloig agam in éineacht leis an mbeirt, agus cé ná tógfadh comhairle ó lánúin go bhfuil an saol Fodhlach feicthe acu, agus go bhfuil leathchéad bliain caite acu mar lánúin phósta. 

Deir Aoileann gurb iad na rudaí go raibh suim ag an mbeirt acu iontu is mó a choinnibh le chéile iad, an ceol, an pholaitíocht, cúrsaí reatha agus an taisteal. Dea-chomhairle anseo don uile dhuine, deinim amach. Go mbaine lán na beirte acu ana-shásamh as cheiliúradh a bpósta agus na blianta atá le teacht, agus mar a déarfadh Breandán féin sa leabhar 200 Beannacht, go mbí an trí chomhartha grá, is iad san, síorfhéachaint, síorghluaiseacht agus síorchosnamh, go dlúth eatarthu go brách.