Carachtairí na Leithinse: Fergal Ó Sé

Táim thar n-ais arís chugaibh le sraithín eile agus is go Paróiste Fhionntrá, Paróiste na Gréine atáim imithe, chun seal a chaitheamh i gcuideachta an mhúinteora agus an phríomhoide scoile Fergal Ó Sé. Is feirmeoir leis é, dála an scéil agus gradaim ag teacht chuige ós na haon treo dos na caoirigh faiseanta atá aige, na caoirigh Texel. Cháiligh Fergal ina mhúinteoir bunscoile sa bhliain 1995 agus tá sé ag múineadh i Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhúraigh ó shin. Thug sé a chéad bhliain múinteoireachta i Scoil Naomh Oilibhéir Pluincéad san Uaimh.

Dúirt sé liom go ndein sé a agallamh don bpost i Scoil Naomh Eirc sa tseomra ranga céanna ina bhfuil sé féin ag múineadh anois. Casann an roth!

Cad í an chuimhne is sia siar i d’cheann?

“Ag teacht go hArd an Bhóthair, mar bhí m’athair ag obair i Lios Tuathail agus is ann a chuas ar scoil ar dtús, mé féin is Darragh (a dheartháir), go dtí go rabhas i rang a haon. Ní raibh sé sin ach sna naíonáin bheaga agus dh’aistríomair siar ansan go hArd a Bhóthair ach gach aon tráthnóna Dé hAoine, thiocfaimis abhaile sa chairt agus chuireadh mo sheanmháthair ana-fháilte ar fad romhainn. Bhíos trí nó ceithre bliana d’aois, agus mo sheanathair Tommy Sé agus mo sheanmháthair Beatrice, bhí siopa acu ag an am agus bhí an seomra suite amuigh chun tosaigh, amuigh ar an mbóthar, nach mór, ar chlé mar a théann tú isteach sa tsiopa anois. 

“Bhíodh tine oscailte, tine bhreá sa tseomra suite ar chlé agus is cuimhin liom, bhíos suite cois na tine, mo dhroim leis an siopa agam agus chuir sí sicín beag bídeach ar mo ghualainn tráthnóna amháin, agus léimeas mar bhíodh sicíní á ndíol, na haon saghas rud isteach do chustaiméirí agus tháinig bosca sicíní tráthnóna Aoine éigin agus scanraigh sí mise! Sin iad na cuimhní atá agamsa, ag teacht abhaile go hArd an Bhóthair.”

Cén saghas duine tú?

“Ó, anois”, a deir sé is rógaireacht ina dhá shúil, ‘chaithfinn cuimhneamh air sin!’ Macánta don gcuid is mó. Is féidir liom a bheith teasaí uaireanta, braitheann sé ar an lá. Braitheann sé ar an ngiúmar, ach laistiar dos na haon rud, bheinn bog. N’fheadar cad eile a déarfaidh mé.”

Cén chomhairle a bheadh agat chun an saol is fearr a chaitheamh?

Is í an chomhairle atá ag Fergal ná éisteacht le daoine a bhfuil an saol curtha síos acu agus a bhfuil meas agat orthu. “Na daoine a chuaigh romhainn, siadsan na daoine is mó le ciall is dóigh liomsa. Tá sé ana-fhuirist ciall cheannaithe a fháilt ach d’éisteoinnse le daoine go bhfuil meas agamsa orthu, na seandaoine. Mar shampla faighimse ana-chomhairle anseo ó iarmhúinteoirí, múinteoirí ar mhúineas leo, Áine de Lóndra agus Máirín Uí Laoithe Ní Shé, atá éirithe as anois.”

Cén nath cainte is fearr leat?

“Ceann a d’úsáideadh an múinteoir Máirín i gcónaí ‘ní faic é,’ dá mbeadh dearúd déanta ag leanbh, nó aon rud mar sin. Mar mhúinteoir, deirimid go minic é, cé go mbíonn uaireanta, an goimh dhearg orainn ach ní féidir linn é a thaispeáint! Ceann eile a chuala le déanaí a thaitin liom ná ‘n’fheadair éinne cá bhfuil fód a bháis,’ tá sé chomh cóngarach dúinn.”

Cén clár raidió/teilifíse is fearr leat?

“Bhuel, an clár raidió, caithfidh mé An Saol Ó Dheas a rá.” (Tá gach aoi a bhí agam go dtí seo tar éis An Saol Ó Dheas a lua!)

Bím ag faire ar An Sunday Game, an Nuacht gan dabht. Is breá liom cláracha staire ar an dteilifís nuair a fhaighim am agus is dócha leis na meáin shóisialta anois, go mbíonn na héinne ar Facebook anois. Chaithfeá uair a chloig nó níosa mhó air sin sna tráthnónta.”

Cén t-amhrán/píosa ceoil is fearr leat?

“Ní bheinn ábalta amhrán a chanadh mé fhéinig, ach, is dócha, an t-amhrán go gcuimhním air i gcónaí ná ‘An Poc ar Buile’, mar is é an t-amhrán san a chanadh m’uncail Páidí nuair a d’iarrtaí air! Is dóigh liomsa, na daoine ná fuil chomh maith san ag amhránaíocht, is féidir leo An Poc ar Buile a thabhairt leo! Ní cuireadh fé bhrú mé féin riamh, ach dá gcuirfí, sin é a déarfainn!”