Carachtairí na Leithinse: Mai Uí Bhruic

Táim imithe go Paróiste Múrach den gcéad uair sa tsraithín, agus é thar am agam a deir cuid agaibh! Is í Mai Uí Bhruic go mbuaileas léi an uair seo, ó Bhaile Ghainnín Beag. Bean í Mai atá ana-ghnóthach, agus an gnó Dingle Farm á rith aici féin is a fear céile, Tommy. In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sí, chuir sí fearadh na fáilte romham sa tig, chun beagáinín a insint dom fúithi féin. Is mar seo a bhí againn.

Cad í an chuimhne is sia siar i d’cheann?

“Bhuel, is dócha, an rud is mó go gcuimhním air agus mé óg is mar sin, déarfainn gur tar éis an Chéad Chomaoine a dhéanamh agus ansan thug m’athair suas go dtí Foxy Johns mé chun rothar a cheannach. Bhí ana-chuid rothar is rudaí á ndíol ann an uair sin acu so chuamar suas pé scéal é is phiocamar amach an rothar agus thánga anuas abhaile ag rothaíocht, anuas an tSráid Mhór mar bhí trácht suas agus síos an uair sin. Thánga anuas go dtí an dtig agus d’fhágas é lasmuigh den ndoras agus chuas isteach chun a rá le Mam go rabhamar tagtha agus thángamar amach chun go gcífeadh sí an rothar agus bhí an rothar imithe! Ní mór ná go gcailleadh mé! B’ait liom cá raibh sé agus bhíos ag féachaint timpeall na háite, agus cé thóg é, agus cé thóg é ach mo dheartháir! Thug sé ar spin é! An chéad spin agus theastaigh uaim féin an chéad spin a bheith agam, so bhí sé thar n-ais gan aon mhoill.” 

Ar an Meal sa Daingean a bhí Mai agus a muintir ag maireachtaint an uair sin! Ó Bhaile an Bhuinneánaigh ab ea a hathair agus ó Bhaile an Mhuillin ab ea a máthair.

Cén saghas duine tú?

“Tá sé sin deacair a rá,” a deir sí, agus sin é a deir na héinne! Freagairse an cheist anois agus tú á léamh seo, is féach cé chomh fuirist is atá sé!

 “Is breá liom daoine. Táim ana-shásta, is dócha, a bheith ag maireachtaint anseo. Is breá liom a bheith ag déanamh rud éigin an t-am ar fad. Is dóigh liom gur duine saghas fáiltiúil mé. Is maith liom labhairt le daoine, más féidir liom cabhrú le daoine, is maith liom é sin a dhéanamh is dócha. Is breá liom bheith ábalta ar éirí ar maidin agus rud éigin a dhéanamh. Ní fhéadfainn, fiú ar laethanta saoire, ní fhéadfainn dul anois agus a bheith sínte ar an dtráigh ar feadh tamaill. Ní thaitneodh sé sin liom. B’fhearr liom bheith amuigh ag siúl, nó ag déanamh rud éigin, a bheith ag féachaint ar áiteanna. Tá súil agam go mbeinn sásta am a thabhairt do dhaoine.”

Cén lá is fearr a bhí riamh i d’shaol agat?

“Ag cuimhneamh ar sin, is dócha, gan dabht an lá a phósamar agus nuair a saolaíodh na leanaí ar fad.” (Tá naonúr clainne ar Mhai – ana-chuid laethanta iontacha aici ina saol!).

“Bhí na laethanta san go hiontach ach is dóigh liom an lá a fuaireas an post thiar i Scoil Mhaoilchéadair. Bhíos cáilithe cúpla bliain ag an am, bhí bliain caite agam i mBaile Átha Cliath agus bhíos i gCaisleán na Mainge ar feadh trí bliana agus bhí an post san críochnaithe agus agallamh déanta agam don bpost i Scoil Mhaoilchéadair, Scoil Smeirbhic ag an am, agus bhíos tagtha abhaile agus bhí sé de nós an uair sin go mbeadh a fhios ag duine an tráthnóna sin más rud é go raibh post fachta acu agus ní raibh aon rud cloiste agam. Bhíos saghas bailithe is dócha agus dúrt le Tommy, téanam, rachaimid amach ar feadh tamaill an oíche sin agus tháinig a dheirfiúr anall ag tabhairt aire do Sheán, ní raibh againn ach Seán an uair sin agus pé scéal é, nuair a thángamar abhaile dúirt sí go raibh tuairisc tagtha go raibh an post fachta agam agus, ó bhíos chomh sásta, bhíos ar mhuin na muice ar fad, so, d’fhiafraíos di an bhfanfadh sí ansan agus bhailíos liom ansan síos dtí mo mháthair i lár na hoíche chun é a rá léi.”

Sa bhliain 1985 a thosnaigh Mai i Scoil Smeirbhic/Scoil Mhaoilchéadair agus bhí sí ann nó go gcuaigh sí ar scor sa bhliain 2018. Deir sí go raibh fhios aici, go gcuirfeadh sé bunús maith lena saol, go raibh post buan sa chóngar agus ná beadh sí ag taisteal. Bhí sí ana-shásta ar fad ann, a deir sí! (Cad ina thaobh ná beadh agus leanaí breátha á múineadh aici!)

An chomhairle a bheadh agat don aos óg?

“Do rogha féin a dhéanamh. Caithfidh tú tú féin a shásamh mar ní féidir na héinne a shásamh ach tá sé ana-thábhachtach go mbeidh tú fhéin sásta agus a bheith deas le daoine agus creidim go mbeidh daoine deas leatsa agus a bheith cothrom, cothrom na féinne a thabhairt do dhaoine. Go minic, ní bhíonn a fhios againn cad a bhíonn ag cur isteach ar dhaoine eile agus ní fiú a bheith ag tabhairt amach mar gheall ar dhaoine. A bheith tuisceanach agus a bheith go maith dos na héinne agus tóg na héinne fé mar a fhaigheann tú iad.”

An clár teilifíse nó raidió is fearr leat?

“Ní bhím ag éisteacht leis an raidió ana-mhinic. Is dócha, nuair a bhíos ar scoil, ní raibh faic uaim ach ciúnas nuair a thagainn abhaile, cé ná raibh an tig ciúin ach níor mhaith liom aon ghlór mar sin laistiar, saghas! Má bhím éirithe luath, éistím leis an nuacht is rudaí ar maidin. Na cláracha teilifíse, is breá liom na rudaí mar gheall ar saol daoine agus na cláracha mar gheall ar gharraíodóireacht agus rudaí cruthaitheacha mar sin. Dá mbeinn ag féachaint ar aon rud, bheinn ag féachaint ar YouTube is rudaí mar sin, ó thaobh fuála, nó rudaí a fhás, aon rud mar sin. Nuair a bhí an phaindéim ann, dheineas cardigan Árann. Ní raibh ceann déanta agam, a déarfainn le 40 bliain. Bhaineas ana-hásamh as. Bhí sé deacair!”

An nath cainte is fearr leat?

“Bhuel, deireadh mo mháthair chríonna i gcónaí, ‘never leave until tomorrow what you can do today,’ agus bíonn sé sin i mo cheann i gcónaí. Ó bhíos óg, bhí sí ag maireachtaint sa tig inár dteannta ar feadh roinnt blianta. Uaireanta deirim liom féin, rudaí a fhágaint agus é a thógaint bog!”

Tá Mai agus a fear Tommy Bruic i mBaile Ghainnín Beag ó 1984. Ó lár bhaile an Daingin ó dhúchas í. Tá naonúr clainne orthu agus cúigear dá sliocht súd. Faid saoil chucu agus a ngnó déiríochta!