Go Glaise Bheag a chuas an uair seo, ag fanacht cóngarach go maith do bhaile. Paróiste na Cille, a dhuine! An paróiste is fearr ar thalamh na hÉireann!! Vincent Gorman, fear feasa, eolgaiseach, a labhair liom an uair seo ar a shaol féin go dtí seo. Fear is ea é go bhfuil ana-mheas aige ar a oidhreacht agus má tá an t-ádh leat a bheith in Ionad an Bhlascaoid, is ann a bhuailfidh tú leis agus é ag obair, nó istigh ar an mBlascaod féin, i mbun turasanna timpeall bhaile an oileáin. Seo mar a bhí againn, lá salach báistí ‘Mí an Mhárta, agus a ghaidhrín Molly, go ciúin, béasach, lenár dtaobh agus na cluasa ar bior.
Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?
“An chuimhne is sia siar im’ cheann ná nuair a cailleadh mo mháthair chríonna aige baile. Bhíos timpeall trí bliana is dócha. Bhí sí leagtha amach thíos sa tseomra ach go háirithe. Bhíodh taithí agamsa ar a bheith ag dul síos. Léiminn isteach sa leabaigh ina teannta is rudaí ach nuair a bhí sí caillte ach go háirithe, bhí daoine thuas sa chistin is dh’imíos liom síos ach go háirithe agus chonac istigh sa leaba í, léimeas isteach sa leabaigh agus bhí a dá láimh mar seo aici agus an phaidrín ina lámha aici agus bhíos a’ d’iarraidh an dá láimh a stracadh óna chéile mar bhraitheas go rabhadar fuar. Tháinig bean éigin ón mbaile ach go háirithe, bhí sí thíos sa tseomra. Rith sí suas dtím’ mháthair, “thá do gharsún beag thíos, thá sé istigh sa leabaigh i dteannta a mháthar críonna is tá sé a’ d’iarraidh an dá láimh a bhaint óna chéile!’ so is cuimhin liom é sin! Sna 70idí déanacha a bhí sí nuair a cailleadh é.”
A Thiarna Dia! An garsúinín bocht, soineanta.
Is cuimhin le Vincent chomh maith a bheith ag dul a’ triail ar an bpinsean go Baile na nGall in éineacht lena athair críonna.
“Théadh sé isteach go dtí Maggie Johnson a’ triail ar an bpinsean agus thugadh sé síos Tig Bheaglaoi mise ansan agus bhíodh Peggy’s Leg, a ghlaoití air, le fáil thíos dá mbeadh aon leanbh timpeall! Peggy’s Leg, saghas rud rabhndáltha ab ea é! Thugadh sé abhaile ansan buidéal mór pórtair leis, go mbíodh Cidona istigh ann, thugadh sé abhaile é sin ag súil go ndéanfadh san go dtí Dé hAoine arís é.”
Nach ait mar a athraíonn an saol. Pé rud a bhíonn ó fhormhór againn sa lá atá inniu ann, féadfaidh sé a bheith againn ar hap an tairne. Féadfaidh leoraí seachadta Dunnes Stores a bheith lasmuigh don dtig ar chostas €3 faoi cheann uair a chloig más áil linn é. Ní gá dúinn fanacht le haon ní go dtí Dé hAoine a thuilleadh.
Cén saghas duine tú?
“Íosa Críost, sin ceist ana-chruaidh ar fad. Bhíos a’ fiafraí do chúpla duine, ‘conas a d’fhreagródh éinne an cheist sin?’
‘Abair léi go bhfuileann tú drámatúil!’” Ó, agus tá, mise á rá libh. Is é Vincent a dhein páirt an Tiarna Chamberlain i ngeamaireacht na Nollag i Halla na Feothanaí i mbliana, agus is é a bhí go diail ar fad sa pháirt.
“Is dócha nach é an duine céanna anois mé is ab ea sna blianta siar, abair. Athraíonn an saol an duine. D’fhágas an áit seo ar dtús nuair a bhíos dhá bhliain déag. Nuair a bhíomair óg, bhíodh mo mháthair ag coimeád scoláirí ó Charraig an Tobair i dTiobraid Árann, Rockwell, agus gan dabht, b’in é an caper an uair sin, an dtuigeann tú, bhí sagairt ag imeacht timpeall is a’ scríobh isteach sa leabhar, ‘thá sé seo sa tig seo,’ agus nuair a tháinig an t-am ansan, nuair a bhíos dhá bhliain déag, thángadar an tig do mo lorg chun mé a thabhairt suas go Rockwell agus tharla sé d’ana-chuid leaideanna eile chomh maith chun iad a thabhairt agus sagairt a dhéanamh dóibh.”
Dúirt na sagairt le tuismitheoirí Vincent nár ghá dó dul leis a tsagartóireacht murar mhaith leis é, agus níor dhein, ach thaitin an scoil go mór leis agus bhí sé nótáltha chun rugair agus é ina chaptaen ar an bhfoireann ann ar feadh seala.
“Cuimhin liom nuair a chuas ann ar dtús, go sábhála Dia sinn, ní raibh an Béarla, bhí sé cuíosach, ach ní raibh sé go maith agus an chéad rang go gcuas isteach ann ná Fraincis agus an dara rang, cheapas gurb é deireadh ar fad é, Laidin! So, dúrt liom féin, ‘Íosa Críost na bhFlaitheas, cad a dhéanfaidh mé anso?’ Thugas an chéad mhí, ag gol is ag gol na haon oíche ach luíos leis an rugbaí ansan agus thug sé sin amach mé. Théimis go Corcaigh, Luimneach, Bleá Cliath agus ar fud na háite. D’imríos an chéad bhliain faoina 12.”
Míle duine nó mar sin, a bhí ar scoil i gCarraig an Tobair, agus cúpla duine eile ón nDaingean agus laistiar. Chuaigh Vincent i dtaithí go mór ar an áit agus d’fhan sé ann sé bliana. Níor fhág sé Corca Dhuibhne riamh ó shin ina dhiaidh san.
Cad í an chomhairle a bheadh agat don aos óg?
“Is dócha, mhuise go ndéarfainn leo, caithíg uaibh na meaisíní agus na fónanna agus tosnaíg ag caint le chéile. Tá cneasú sa chaint. Ní dóigh liomsa gur aon rud maith é ach go háirithe. Tá daoine stoptha ag caint le chéile.”
Cad é an lá is fearr a bhí riamh id’ shaol agat?
“Ó ‘Chríost. Bhí ana-chuid laethanta maithe agam, ambaist. An chéad cheann a thiocfadh isteach im’ cheann ná an bhliain dheireanach a bhíos in Rockwell. Bhuamair cupa. Bhíosa mar chaptaen ar an dteam agus ‘Chríost, bhí ana-lá againn. Chuamar amach go New Inn ag déanamh celebrating agus beireadh orainn! Is dócha na laethanta go dtáinig Ciara, Colm agus Máirtín an tig. Laethanta ana-thábhachtacha ab ea iad san, go mór mhór Ciara is dócha mar b’in í an chéad duine. Ní rabhasa ach 25 nuair a tháinig Ciara.
“Phósas nuair a bhíos 23, ana-óg ar fad ar fad. Bhí sceitimíní, bhí scanradh, bhí na haon sórt. Chuamar síos go Corcaigh agus cuireadh an bundle seo isteach inár láimh, ‘seo, good luck.’ Chríost, bhí rudaí ana-bhog ar fad le adoption an uair sin. Tháinig bean amach ó Thrá Lí, shuigh sí síos linn ar feadh uair an chloig agus labhair sí linn agus an chéad rud eile, i gceann cúpla seachtain, fuaireamair litir ag rá go raibh Ciara thíos i gCorcaigh.
“Abair, bhí sé athraithe ar fad ar fad nuair a bhí Máirtín ann. Íosa Críost, bhí ceithre cinn déag de sheisiúin dhá uair an chloig le social worker agus bhí sé deacair. Bhí Ciara agus Colm fásta suas an uair sin. Nuair a fuaireamar Colm ansan, dhá bhliain ina dhiaidh, 1981 a d’fhuaireamair Ciara, dúradh linn, ‘sin eile a bhfaighir anois, bailigh leat.’ Cuimhin liom nuair a tháinig Ciara abhaile, ní raibh sí aige baile ach laethanta, rud ana-neamhghnáthach an uair sin timpeall, ab ea adoption, tháinig bean a bhíodh ag siúl tharais an dtig go dtí’n ndoras aon tráthnóna amháin agus dúirt sí, ‘mbeadh aon tseans go bhféadfainn an baby a fheiscint? N’fhaca riamh adopted baby cheana. Bhí sé chomh deas agus bhí sí siúd chomh deas. Ní raibh aon taithí ag daoine ar a leithéid.”
Cén t-amhrán is fearr leat?
“’Moonshadow’, is dócha. N’fheadar cad as a tháinig na focail atá agamsa, ach focail eile ar fad atá ag Cat Stevens!”
A leaideanna, dá gcloisfeadh sibh leagan Vincent de ‘Moonshadow’. Is é an bas ar fad acu é agus é lán go barra d’aisteoireacht is de gheáitsíocht! Nótáltha.
“An chéad LP a fuaireas, “Harvest,” le Neil Young. Ó thaobh an cheoil leis, James Begley agus In the Early Morning Rain, ó Chríost a dhuine, go haoibhinn ar fad ar fad agus Dolores O Riordan agus Sinéad O Connor. An saghas san.”
An seanfhocal/nath cainte is fearr leat
“Sin é agat é. Bím á rá san i gcónaí is bíonn daoine ag magadh fúm.”
An clár teilifíse/raidió is fearr leat?
An clár teilifíse, is dócha, is breá liom Ros na Rún, is breá liom an drámaíocht atá ann, Tadhg agus Sagairtín Chiarraí, an caper san ar fad, agus an spórt, an rugbaí go mór mhór. Na haon sórt spóirt. Cláracha raidió, An Saol Ó Dheas, is ní bheadh lá i gceart mura n-éisteoinn leis an nuacht.”
Mo mhíle buíochas le Vincent as labhairt chomh hoscailte, ionraic liom ar scéal a bheatha go dtí seo. Scéal ana-ana-shuimiúil ar fad. Go maire sé an céad.