Tá an deireadh tagtha faoi dheireadh!
Chuir muid críoch le ranganna ollscoile an tseachtain seo agus, i ndiaidh cúpla scrúdú agus aiste a dhéanamh, beidh mé go hiomlán saor ón staidéar.
Shíl mé i gcónaí go mbeinn ag ceiliúradh nuair a thiocfadh an lá seo agus nach n-amharcfainn siar agus mé ag imeacht ó Áras na Gaeilge ach bhí brón orm inniu an áit a fhágáil.
Bhí achan nduine ag caint lena chéile faoi Ghaillimh a fhágáil agus pleananna don bhliain atá amach romhainn agus bhí mé ag mothú ar nós go raibh mé ag fágáil na scoile arís.
Mar nach bhfuil ádh ar bith orm ó thaobh lóistín de, ghlac an banc seilbh ar an teach atá ar cíos againn agus tá orm bogadh amach as an teach an deireadh seachtaine seo chomh maith.
Mar gheall air sin, tá mé níos mothúchánaí faoi rudaí a bheith ag teacht chun deiridh.
Bhí bucket list beag agam de rudaí a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh sula bhfillfidh mé ar theach mo thuismitheoirí.
Uimhir 1 ar an liosta: craiceann a bhualadh.
Ní féidir craiceann a bhualadh i dteach mo thuismitheoirí mar sin níl bheidh mé in ann sin a dhéanamh go bhfuil m’áit féin agam arís. Beidh mé ar nós Íosa Críost ag dul isteach san fhásach.
Anois ní hé go bhfaighim go minic é cibé ar bith ach bheadh sé deas an rogha sin a bheith agam é a dhéanamh.
Agus muid ag caint ar roghanna, thug an Nósadóir Eoin Ó Dubhghaill ormsa agus ar bheirt eile conradh a shíniú le rá go rachadh muid ag snámh san fharraige i mBóthar na Trá i mbliana. Níl an dara rogha agam anois ach sin a dhéanamh ach bhí sé ar intinn agam é a dhéanamh nuair a bheas an aimsir níos fearr agus an fharraige giota beag níos teo.
Mar sin féin, tá mé ag dúil go mó le dul ar ais go Doire. Ní gá dom a rá libh arís cé chomh hiontach atá sí mar chathair agus an oiread grá atá agam dí.
Is áit ghalánta í lán de dhaoine iontacha agus tá an t-ádh orm a bheith ag dul ar ais chuici. Cuidíonn sé go mbeidh mo mhamaí ag déanamh dinnéar dom agus go mbeidh mé in ann muinín a chur sna tuáillí tae arís.
Ach an fearr sin ná craiceann a bhualadh agus saoirse a bheith agat? Gheobhaidh mé amach roimh i bhfad is cosúil.