Is í Meghan Markle an ‘banphrionsa’ is déanaí ar domhan, cé nach banphrionsa í ó cheart, ach conas mar is féidir comparáid a dhéanamh idir Meghan agus mná ríoga na hÉireann? Déan an ceistneoir seo agus faigh amach cé léi is mó a bhfuil tusa cosúil — Meghan, Gráinne Mhaol, Aoife de Clare, Lady Diana, nó Méabh Chonnacht:
1. Cén t-ainmhí is fearr leat?
A Capall póló
B Madra fiáin
C Rón
D Cat pórghlan luachmhar
E An tarbh is fearr in Éirinn
2. Cén stíl gruaige is fearr leat?
A Cuif 1980idí
B Lúbáin bhándearga agus trilseáin
C Maol, ionas nach rachaidh do chuid gruaige i bhfostú i seolta loinge
D Fada agus foirfe
E Fiáin agus lán nathracha nimhe
3. Cad é an bia is fearr leat?
A Bia simplí na Breataine ar nós uaineoil rósta
B Rolla “Bla” ó do bhaile dúchais, Port Láirge
C Bia mara — ó chósta na hÉireann go cósta na Spáinne
D Bia? Níl a fhios agam — níl carbs ite agam le naoi mbliana anuas!
E Aon rud gur féidir liom a chaitheamh ar an bhfulacht fia tar éis tráthnóna fada ag bualadh craicinn le scata leannán
4. Cé mhéad leannán a bhí agat?
A Triúr gurbh fhios don phobal
B Duine amháin — sin mar a bhíonn nuair a phósann tú ag 13
C Beirt — nuair a phósann tú fear dar sloinne ‘Ó Cogaidh’, féadfaidh tú talamh slán a dhéanamh de go gcaillfear é!
D Idir 10 agus 15
E Idir 1,000 agus 5,000
5. Conas mar a réitíonn tú le do Dhaid?
A Ní go rómhaith, d’fhág sé an chlann agus mé óg
B Ceart go leor, go dtí gur úsáid sé mo phósadh chun tús a chur le hionradh na Sasanach ar Éirinn – totes awkward!
C An-mhaith — mhúin sé dom conas a bheith i m’fhoghlaí mara
D Ceart go leor, ligeann sé síos mé ag ócáidí móra ach táim in ann seasamh ar mo dhá chos féin
E Ní go rómhaith, mar bhí orainn cónaí i Ros Comáin!
6. Cén saghas date le leannán a thaitneodh leat?
A Ag freastal ar cheolchoirm amhránaí mór le rá, seans maith gur cairde muid ar aon nós
B Dul ar an ferris wheel i dTrá Mhór le chéile
C Bualadh le mairnéalach Sasanach… agus ansin é a mharú
D Oíche istigh ag féachaint ar Netflix (orm féin)
E Oíche istigh ag luí ar an leaba ag labhairt faoinár gcuid saibhris
7. Cén sórt laethanta saoire a thaitneodh leat?
A Aon áit ar domhain — seachas Páras na Fraince!
B Trá Mhór nó Gaeltacht na Rinne
C Mini-break i Londain agus girly weekend le mo bestie an Bhanríon Eilís Dhádhoras.
D An Namaib
E Deireadh seachtaine i gCúige Uladh ag déanamh slad
Freagraí
‘A’ den chuid is mó — is tú Lady Diana.
Tá tú sofaisticiúil agus saibhir. Is fíor-bhanphrionsa thú. Is maith leat a bheith le daoine cáiliúla agus ag déanamh obair charthanachta. Mar sin féin, bíonn tú ag gearán leis na meáin go rómhinic! Tá airgead, áilleacht agus fear céile agat nár chodail leat — céard eile sa saol a bheadh uait!
Ráta Banphrionsa 7/10
‘B’ den chuid is mó — is tusa Aoife nic Mhurchadha de Clare (Mrs Strongbow).
Bhí tú 13 bliain d’aois nuair a phós tú, mar sin níl mórán cur amach agat ar chúrsaí an tsaoil. Tá a fhios agat go bhfuil do phósadh le Richard de Clare ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a tharla i stair na hÉireann ach like, cadever! B’fhearr leatsa canna Strongbow a ól ná é a phósadh! Baineann tú taitneamh as a bheith ag ithe sceallóg le do chairde sa People’s Park i gCathair Phort Láirge. Tá dúil agat in sa bhuachaill sin a bhíonn ag obair ar na bumper cars i dTrá Mhór ach ná habair sin le d’fhear chéile Richie!
Ráta Banphrionsa 3/10
‘C’ den chuid is mó — is tusa Gráinne Mhaol.
Ní girly girl thusa in aon chor! Nuair a bhí banphrionsaí óga eile ag súgradh le bábóga bhí tusa ag dul i bhfolach ar long d’athar agus ag éalú leat thar sáile. Ghearr tú do chuid gruaige agus is as sin a thagann an leasainm ‘Maol’. Ina ainneoin sin, tá tú go maith in ann a bheith i gcomhluadar na mbodach mór. Cuirim i gcás an t-am gur thug tú cuairt ar an mBanríon Eilís I chun socruithe a dhéanamh léi maidir le do mhac.
Ráta Banphrionsa 9/10
‘D’ den chuid is mó — is tusa Meghan Markel.
Nach bhfuil an saol agat ar do thoil? Tá tú dathúil, tá tú cáiliúil agus is í do Mham Seansailéir na Gearmáine! Tá do ghairm féin agat agus tá tú go breá in ann cur ar do shon féin. Tá tú go hiontach os comhair na gceamaraí — ach canathaobh nach mbeadh? Tá tú nach mór trí huaire níos sine ná bean chéile Strongbow! Bíonn miongháire ar d’aghaidh i gcónaí ach an bhfuil tú beagán rófhoirfe? Hmmmmm… feicfimid amach anseo!
Ráta Banphrionsa 7/10
‘E’ den chuid is mó — is tusa Méabh Chonnacht.
Is laoch le do linn féin thú. Tá scata fir chéile agat agus na céadta leannán. Ólann tú agus itheann tú le fonn. Nuair a théann tú go dtí an leithreas cruthaíonn tú abhainn. Tá tú in ann C-section a thabhairt duit féin fiú! Scriosann tú aon fhear a chuireann i do choinne. Nod beag amháin duit — seachain aon déagóir a dtaitníonn an iománaíocht go rómhór leis.
Ráta Banphrionsa 12/10