Cuirtear tús an tseachtain seo le colún nua le Dáire Ní Chanáin, atá ag freastal ar institiúid tríú leibhéal i nGaillimh. Uair sa tseachtain,tabharfaidh sí léargas dúinn ar shaol an mhic léinn, idir shúgradh agus dháiríre, chraic agus éagraic, chairdeas agus ghrá, léann agus leann.
Tá trí seachtaine déanta againn ar an ollscoil anois agus caithfidh mé a rá go bhfuil iontas orm go bhfuil mé go fóill ag iarraidh dul chuig na ranganna agus obair a dhéanamh. Is é seo an cúigiú bliain agam ar an ollscoil anois — bhí an dara bhliain chomh hiontach sin go ndearna mé faoi dhó é! — agus de gnáth, thart ar an am seo bíonn níos mó suime agam i gcúrsaí cóisireachta ná mar a bhíonn i gcúrsaí oideachais ach a mhalairt atá fíor i mbliana.
Tá mé iontach sásta faoi seo mar, ar ndóigh, tá mé ag iarraidh céim a bhaint amach ach chomh maith leis sin tá níos mó ama agam díriú isteach ar rudaí ar nós a bheith ag léamh agus ag déanamh rudaí leis an inneall fuála agus ag cniotáil. Tuigim gur seanbhean anois mé ach ní miste liom sin!
Mar sin féin, bhí mé giota beag dalba an tseachtain seo caite agus bhí mé i dtrioblóid le duine de na léachtóirí. Níor thaitin an obair bhaile liom agus d’iarr mé ar chara liom a cuidse a thabhairt dom. Nach mise an t-amadán a thug an obair bhaile chuig an léachtóir agus ainm mo charad ar bharr an leathanaigh? B’éigean dom ansin dul agus m’eireaball i mo ghabhal liom agus geallúint a thabhairt nach dtarlóidh sé arís. Tá mé cinnte nach mbeidh a hainm air an chéad uair eile cibé ar bith!
Tá lear mór cainte cloiste agam faoi Mindfulness agus bhí mé ag iarraidh triail a bhaint as le tamall anuas. Nuair a dúirt cara liom go bhfaca sí fógra faoina choinne b’éigean dom an deis a thapú. An t-aon fhadhb a bhí ann go raibh an rang le toiseacht ag a hocht ar maidin, agus is é mo leaba an áit is ansa liom ar domhan, go háirithe chéad rud ar maidin. Ar dhóigh éigin, d’éirigh liom mé féin a tharraingt ón leaba agus léimt ar an rothar. Bhain mé an ollscoil amach agus neart ama breise le ligean don allas ón turas rothaíochta triomú isteach (bleugh).
Bhí an rang féin iontach. Bhain mé an oiread sin sult as gur chláraigh mé féin is mo chairde do rang sé seachtaine a bhí le tosú an tráthnóna céanna. Cúig uair an chloig de léachtaí ina dhiaidh, in áit a bheith ag díriú isteach ar mo chuid análú agus a bheith mindful, chaith mé an rang ar fad ag gearán liom féin nach raibh mé ag iarraidh bheith ann. Tháinig mé amach as níos feargaí níos cantalaí agus níos ocrasaí ná mar a bhí ar an mbealach isteach. Ach sin é an ceacht foghlamtha agam – ith sula dtéann tú chuig an rang!
Bheartaigh mé féin agus cara liom go mbeadh cóisir píotsa (reoite) againn ina teach De Céadaoin. Bhí muid leath bhealaigh chun a tí nuair a chonaic muid soilsí geala de chuid King Ding, an bhialann Shíneach áitiúil, agus ní fada go raibh muid suite istigh ann, 3-in-1 ordaithe agus ár gcuid colún na réaltaí á léamh againn ón nuachtán.
Mura leor an 3-in-1, bhí ár dTuras Bóthair féin againn chuig an McDonalds áitiúil. Bhí oíche rómánsúil againn thíos ar Bhóthar na Trá lenár McFlurries agus sing-song deas faoin ghealach. Bhí cúrsaí mór an tsaoil á bplé againn ar nós na mbróg sin a chonaic muid ar Instagram mo chéile tí nua — atá ina BHABE! (tá sé maith go leor, níl Gaeilge aige).
Beidh mé ag dul go Meitheal Misneach ag an deireadh seachtaine i gCorca Dhuibhne agus tá mé ag dúil go n-éireoidh liom béile níos sofaisticiúla ná pasta le hanlann trátaí a dhéanamh sa tseachtain atá amach romham.