Ceal ‘Gaydar’…

Is fíorscéal é seo.

Bhíos ar an urlár damhsa, ag damhsa le bean.

Bhí sí gar dom.

B’fhéidir an-ghar dom.

Sin go breá, déanann mná damhsa mar sin go minic.

D’imigh mé théis tamaill go dtí an beár, áit ar chuir fear é féin in aithne dom.

Bhí comhrá deas againn ar feadh tamaill, ag caint agus ag gáire.

“Sin mo dheirfiúr a raibh tú ag damhsa léi, dála an scéil,” a dúirt sé.

Chas mé timpeall, ag breathnú ar an mbean, a bhí fós ag damhsa, agus bheartaigh mé gur cheart dom an deis a thapú píosa eolais a fháil fúithi óna deartháir.

Daoine ar spéis leo a mhalairt inscne, bíonn ceist amháin acu agus iad ag tóraíocht: “ar mhaith leis an duine seo a bheith liom?”

Daoine ar spéis leo an inscne chéanna, áfach, is minic a bhíonn ceist eile acu roimhe sin: “ar mhaith leis an duine seo a bheith le duine ar chomhinscne leo fiú?”

Dar leis an té a bhfuil gaydar acu, tá roinnt bealaí – ar nós gothaí, bearradh gruaige nó rogha bróg – chun claonadh gnéis an duine eile a oibriú amach gan ceist a chur orthu.

Ní raibh gaydar (aeróg? Eag.) agam riamh, agus níl a fhios agam an gcreidim ann fiú.

I gcásanna cosúil leis an gceann seo thuas áfach, bheadh gaydar fíor-chabhrach.

Cibé, ní féidir brath ar ‘aeróg’ ar aon nós, agus le bheith cinnte den scéal, níl an dara rogha ann ach an cheist a chur.

Agus cad a tharlaíonn ansin?

Uaireanta bíonn daoine maslaithe gur ceapadh iad a bheith aerach, amhail gur rud uafásach é a cuireadh ina leith.

Go deimhin, uaireanta ní freagra deas a fhaightear in aon chor, agus ní daoine aineolacha, cúngaigeanta amháin a bhíonn mar sin.

Cuimhnigh gur minic an t-ól a bheith istigh i gclubanna oíche srl, agus nach mbíonn daoine chomh airdeallach sin ar a bhfuil á rá acu.

Toisc go raibh mé i ndiaidh comhrá deas a bheith agam le deartháir na mná, ghlac mé leis nach mbeadh sé homofóbach, agus bheartaigh mé dul sa seans.

Bhí sé chomh maith agam fáil amach.

“Só… an bhfuil spéis aici i gcailíní?” a d’fhiafraigh mé de.

Bhreathnaigh mo dhuine uirthi, agus ar ais orm, agus dúirt sé go borb “Íosa Críost, tá súil agam nach bhfuil!”

Dúirt mé liom féin gur freagra gasta a bhí ann.

Dúirt mé liom féin nár smaoinigh sé i gceart sular labhair sé.

I gcead don bhfear, ghabh sé a leithscéal liom ina dhiaidh sin.

Bhí sé buartha go raibh sé tar éis mé a ghortú.

Dar leis nach bhfuil fadhb aige le daoine aeracha, díreach nár mhaith leis “an saol sin” dá dheirfiúr toisc go mbeadh “an saol níos deacra” uirthi, toisc í a bheith difriúil.

Meas tú ar thuig an fear go raibh sé mar chuid den fhadhb chéanna sin, ón mbealach a chaith sé liom?

Dar leis gur tháinig an freagra amach sular smaoinigh sé.

Nuair a smaoinigh sé air, ní raibh sé homafóbach.

Ach sa bhfreagra nádúrtha, sa chéad rud a rith leis, bhí sé.

Meas tú an dtuigeann sé gur chuid den fhadhb é sin?

Anois, tá a fhios agam go ndéantar céasadh ar dhaoine aeracha in áiteanna ar leith timpeall na cruinne, agus táim buíoch nach bhfuilim i gceann de na tíortha sin.

Táim buíoch freisin as bheith ar an saol in Éirinn sa lá atá inniu ann seachas i nglúin mo thuismitheoirí, fiú.

In Éirinn 2016 ba mhaith linn a chreidiúint nach bhfuilimid homafóbach.

Nár vótálamar ar son an reifrinn?

Nach breá linn Graham Norton agus Panti Bliss?

Nach bhfuil roinnt dár gcairde is fearr aerach?

Ach cad is brí le homafóibe? Nach maith leat daoine aeracha, nó go bhfuil tú claonta ina choinne?

Meas tú an raibh an fear sin claonta i mo choinne?

Uaireanta ní féidir an claonadh a aithint go dtí go n-iompraíonn tú an scéal ar an mbealach eile.

Samhlaigh mise ag cur ceiste ar an bhfear “an bhfuil do deirfiúr díreach?” agus é ag rá “tá súil agam nach bhfuil!”

Ní tharlódh sé.

Ní hamháin i ngníomhartha móra a chaitear anuas ar dhaoine, ach i mbealaí caolchúiseacha, leanúnacha chomh maith.

Bealaí a chaitheann anuas ar shaol an duine aeraigh, saol atá chomh bailí agus chomh maith céanna le saol an duine dhírigh.

Dar ndóigh, tá gach saghas cacamais i gcoinne mhuintir LADT cloiste agam i mo shaol, agus cé go mbím láidir an chuid is mó den am, in amanna tagann sé aniar aduaidh orm agus goileann sé orm.

Ach in ainneoin an chacamais go léir, agus ceal gaydar agam, leanfaidh mé orm ag cur ceisteanna nuair is gá.

Uaireanta buailfidh mé le daoine homafóbacha.

Uaireanta eile ní bhuailfidh.

Glacaim leis an saol mar atá sé, agus táim dóchasach go mbuailfidh mé le níos lú agus níos lú daoine homafóbacha le himeacht aimsire.

SCÉALTA EILE