Ceardlann Gharraíodóireachta le Daire Ní Chanáin beo ar Insta NÓS

Beidh Daire Ní Chanáin beo ar Instagram NÓS ag tús na seachtaine seo chugainn le rang beag garraíodóireachta a thabhairt dúinn!

Is mac léinn iriseoireachta í Daire atá ina cónaí i nDoire Cholm Cille. Thosaigh sí ag bailiú plandaí tí breis agus trí bliana ó shin agus tá bailiúchán mór millteach anois aici. Tugann sí aire na huibhe dá gairdín beag agus bíonn toradh a saothair le feiceáil achan séasúr — idir bhláthanna agus bhia go flúirseach ann.

Sa cheardlann a thabharfaidh Daire ar leathanach Instagram NÓS Dé Luain an 6 Aibreán ag 13.15, taispeánfaidh sí dúinn an dóigh a gcoinníonn sí a cuid plandaí sásta, an dóigh le plandaí a thrasphlandú, agus an dóigh le síolta agus beangáin a chur. 

Beidh cúpla rud de dhíth oraibh le tairbhe iomlán a bhaint as an gceardlann dhigiteach seo. Má tá an t-ábhar agat sa bhaile cheana féin, iontach! Ach mura bhfuil, iarraimid ort a bheith ciallmhar agus tú á lorg — lean treoracha an rialtais maidir leis an scaradh sóisialta, ná gabh ag siopadóireacht le haghaidh rudaí nach bhfuil riachtanach, agus ná cuir tú féin ná na daoine atá in aontíos leat i mbaol. Is féidir síolta a ordú ó chúpla comhlacht ar líne in Éirinn — Irish Seed Savers agus Brown Envelope Seeds ina measc.

Seo na nithe a bheidh uait do rang an Luain:

Púdar fréamhaithe
Potaí plandaí (péire — ceann atá ruainne beag níos mó ná an ceann eile)
Cré
Nuachtán

Síolta
Siosúr
Tráidirí beaga (déanfaidh bosca uibheacha nó bosca beacán srl cúis) 

Bí le Daire Dé Luain, 6 Aibreán @ 13.15 ar Instagram NÓS!

SCÉALTA EILE