Ceiliúráin Scientology

Agus an scéal amuigh faoi iarrachtaí lucht eoleolaíochta aistritheoirí Gaeilge a fhostú, fiosraíonn Ciara Ní É cúlra na heagraíochta conspóidí seo agus na ceiliúráin atá luaite léi.


Cén chosúlacht atá ann idir Tom Cruise agus John Travolta?

I gcás na beirte, tá an cháil amuigh orthu mar bhaill aitheanta d’Eaglais na hEoleolaíochta iad.

Caithfear a admháil go gcloistear an oiread scéalta aisteacha sin faoin mbeirt chéanna nach mór an t-ionadh dom é go bhfuil siad páirteach le lucht na hEoleolaíochta, dream a chreideann gurb é an deachtóir réaltach Xenu a chuir tús le sibhialtacht anseo ar Domhan.

Agus níl siad ina n-aonair ach oiread!

Is liosta le háireamh é na daoine cáiliúla atá páirteach ann.

Réaltaí móra i saol na scannánaíochta, ceoltóirí cumasacha agus neart daoine eile a bhfuil meas againn orthu.

Ní haon bhotún é go bhfuil baint ag Hollywood leis an eagraíocht.

In 1955 chuir L. Ron Hubbard, bunaitheoir na hEaglaise, tús le Project Celebrity.

Iarracht a bhí ann cuidiú le híomhá na hEaglaise agus reáchtáladh feachtas chun daoine cáiliúla a tharraingt i dtreo na hEoleolaíochta.

I measc na ndaoine a raibh baint acu leis an Eaglais, seo na daoine is mó a chuir ionadh (agus díomá) ormsa, ach tá i bhfad bhfad níos mó acu ann!


Beck

Is breá liom a chuid ceoil agus is ait liom seo a chloisteáil gur ball den Eaglais é Beck dá shaol ar fad! Bhí a bheirt thuismitheoirí mar bhaill agus é ag fás aníos.


Nancy Cartwright (Glór Bart Simpson)

In 2007 thug sí $10 milliún don Eaglais, agus d’úsáid sí guth Bart le poiblíocht a dhéanamh dóibh. Éist leis anseo nó b’fhéidir nár cheart duit éisteacht leis óir seans go loitfidh sé The Simpsons ort!


Van Morrison

Cé nach ball den eagraíocht anois é, bhí baint éigin ag fear Bhéal Feirste léi tráth. Sna nótaí ar a albam Inarticulate Speech of the Heart (1983) tugann sé buíochas do Ron L. Hubbard, bunaitheoir na hEaglaise.


Danny Masterson

Duine de réaltaí That 70s Show é Danny.

Is cuimhin liom gur nós le Hyde, an carachtar a chuir Danny i láthair, go leor ceisteanna a chur i gcónaí.

Is léir nach dtiocfadh leat an rud céanna a rá faoi Danny féin!


Christopher Masterson

Tá Christopher, deartháir Danny, mar bhall chomh maith. Sea, sin Francis ó Malcolm in the Middle!

Más duine thú a bhí tógtha le Francis sna déaga óga , is féidir leat anáil faoisimh a ligin anois! Ááááá!


Laura Prepon

Réalta eile ó That 70s Show agus Orange is the New Black í Laura, atá mar bhall reatha den Eaglais.


Neil Gaiman

Tá clú agus cáil ar an scríbhneoir seo agus cé gur fhás sé aníos san Eaglais, d’fhág sé ó shin é.

Anois, beidh le feiceáil amach anseo faoi aon G-Celebs atá le cur leis an liosta agus iad meallta ag sár-aistriúchán Gaeilge.

Sin má éiríonn le lucht na hEoleolaíochta aistritheoir tuillteanach Gaeilge a aimsiú.

Neosfaidh an aimsir, a chairde!

SCÉALTA EILE