Ceithre ainm Gaeilge ar liosta na n-ainmneacha stoirme 2021/2022

Tá ceithre ainm Gaeilge ar liosta na n-ainmneacha stoirme 2021/2022 – Barra, Méabh, Pól, agus Seán. Tá ainmneacha Breatnaise – Arwen agus Olwen mar shampla – chomh maith le hainmneacha Araibise – Nasim agus Imani – ar liosta na bliana seo freisin. 

Tá Met Éireann, Met Office na Breataine agus KMNI san Ísiltír ag obair as lámha a chéile le tamall de bhlianta anuas stoirmeacha a réabann Éire agus an Bhreatain sa ngeimhreadh a ainmniú sa gcaoi is go mbeadh aird an phobail ar aimsir chontúirteach. Tá an cleachtas céanna in úsáid ag lucht na haimsire do spéirlingí le fada an lá ach tosaíodh ar ainmneacha a thabhairt ar stoirmeacha nach spéirlingí iad cúpla bliain ó shin. 

Bíonn meascán ainmneacha ar an liosta i gcónaí agus iarracht déanta ag lucht na haimsire léargas a thabhairt ar an éagsúlacht teangacha agus cultúr atá ar fáil sna tíortha éagsúla. 

Maíonn Met Éireann go léirítear i dtaighde go gcabhraíonn ainmneacha stoirme aird an phobail a dhíriú ar stoirmeacha móra agus go dtugann siad “teachtaireacht shoiléir údarásach leanúnach don phobal” agus iad ag iarraidh iad féin agus a dtithe a chosaint ón anfa. 

Roghnaítear na hainmneacha ó liosta moltaí a chuireann an pobal isteach agus ainmnítear na stoirmeacha in ord na haibítre. Is é sin le rá gurb í Stoirm Arwen an chéad stoirm a thiocfaidh isteach an geimhreadh seo agus Stoirm Bharra ina diaidh. Malartaítear ó ainm mná go hainm fir ó stoirm go stoirm. 

Tugtar ainm ar stoirm nuair a bhíonn rabhadh oráiste gaoithe ag dul leis.