De réir suirbhé a rinne an comhlacht geallghlacadóireachta Unibet anuraidh is iad Manchester United an fhoireann sacair is mó a bhfuil tacaíocht acu in Éirinn. Ní suirbhé thar a bheith eolaíoch a bhí anseo. Bhreathnaigh siad ar staitisticí Facebook agus bhí 170,000 duine ón tír seo ag leanacht Manchester United air. Sa gceathrú háit a bhí Arsenal.
Is maith le teaghlach ríoga Shasana an pheil chomh maith. Tuairiscítear go dtacaíonn an prionsa William Wales le Aston Villa (chaithfeadh sé gur maith leis an fulaingt) agus, ach an oiread le go leor sa tír seo, is maith leis an bprionsa Harry Wales Arsenal. Ní bhíonn aon duine ag léimt suas agus anuas le fearg nuair a théann daoine go Sasana chun féachaint ar na cluichí seo, fiú agus gan an leithscéal againn níos mó gur anonn ag breathnú ar Roy Keane atá muid.
Tá an líon imreoirí ón tír seo sa bPríomh-Roinn ag laghdú chuile bhliain. Ní bhíonn daoine ag sciolladh nuair a íocann daoine go leor airgid chun fáil a bheith acu ar chainéil chun United, Liverpool, Chelsea nó Arsenal a leanacht.
Cén fáth nach féidir linn a bheith chomh ciallmhar céanna faoin mbainis mhór atá ag tarlú? In 2011, phós William agus Kate Middleton, nó Liam agus Cáit mar a thabharfaí orthu ar Raidió na Gaeltachta, dá mbeadh siad ag imirt CLG. Bhí mise ag obair le Nuacht TG4 ag an am agus cuireadh anonn go Londain mé le tuairisciú a dhéanamh ar an lá.
Chruinnigh na mílte i lár na cathrach. Shiúil mé an bóthar trasna ó Mhainistir Westminster. Bhí daoine suite ann ar feadh cúpla lá lena spota a choinneáil slán, iad tagtha ó ar fud Shasana, na hEorpa, na Stát Aontaithe, ón Afraic, agus go deimhin, bhí corr-Éireannach ann chomh maith. Agus tuige nach mbeadh? Má tá cead againn spéis a bheith againn sa bpeil, sa gceol atá acu, dul ar saoire ann, cén fáth nach bhfuil cead againn suim a bheith againn i gcuid de na hócáidí is mó a reachtaítear ann?
Níos túisce an tseachtain seo bhí ar óstán i mBun Cranncha tráthnóna a bhí eagraithe acu le spraoi a bhaint as an mbainis a chur ar ceal mar go raibh an oiread sin íde béil faighte acu ó phoblachtaigh. Shamhlóinn go mbeadh go leor de na daoine céanna seo sásta suí sa mbaile, nó i dteach ósta éigin an tráthnóna Shathairn céanna agus breathnú ar chluiche ceannais Chorn an FA. United agus Chelsea atá ag imirt. Dála an scéil, tá William Wales ina uachtarán ar an FA, ach shílfeá nach gcuireann sé sin isteach an oiread céanna ar dhaoine agus a chuireann tae beag in óstán.
Chonaic mé go leor ag gearán ar na meáin shóisialta go raibh RTÉ á chraoladh freisin. Cén fáth go mbeadh ár gcraoltóir náisiúnta ag tabhairt neamhaird ar ócáid mhór dhomhanda mar é? Beidh mise ag breathnú air. Ní le teann spéise sa teaghlach ríoga. Is breá liom an stíl, an ceol, an searmanas, na carráistí — gach rud. Tráthnóna Dé Sathairn breathnóidh mé ar an gcluiche ceannais. Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaol orm nach mbeidh mé chomh Gaelach céanna ina ndiaidh.