Droch-infreastruchtúr, easpa áiseanna san ionad oibre, agus timpeallacht nimhneach ar na bóithre, go háirithe do rothaithe a bhfuil gasúir leo, is cúis lena laghad ban a bhíonn ag rothaíocht i gcathracha na hÉireann, dar leis na cainteoirí a bhí i láthair ag cruinniú ar an ábhar an mhí seo caite.
Reáchtáil Feachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath cruinniú sa Central Hotel i lár Bhaile Átha Cliath i lár na míosa seo caite leis na constaicí a bhíonn roimh mhná a bheith ag rothaíocht in Éirinn, go háirithe i mBaile Átha Cliath, a chíoradh agus a phlé.
Dúirt duine de lucht eagraithe an chruinnithe, Dimitrinka Kirova, le NÓS go raibh plé oscailte agus ionraic san óstán agus nochtadh go leor fadhbanna a bhíonn ag an ngnáthrothaí mná san ardchathair.
Maíodh ag an gcruinniú nach bhfuil dóthain raonta rothar sa gcathair atá scoite amach ón bpríomhbhóthar agus a thabharfadh compord don rothaí nár mhaith léi a bheith i lár na tráchta i mBaile Átha Cliath. Dúirt Dimitrinka le NÓS go raibh roinnt mhaith raonta rothar ann i mBaile Átha Cliath ach nár fheil a bhformhór acu don duine a bheadh ag iarraidh dul ar obair, ag siopadóireacht nó chun na scoile le clann óg.
Dúradh freisin gur minic nach mbíonn aon áiseanna in ionaid oibre i mBaile Átha Cliath d’oibrithe a bhíonn ag rothaíocht chun na hoibre. Luadh áiseanna folctha don oibrí féin i ndiaidh an turais chun na hoibre, chomh maith le háiseanna stórála do na rothair féin agus bealaí sábháilte ar champais láithreacha oibre le teacht isteach le rothair — bóithríní soilsithe ina measc.
Anuas ar an méid sin, luadh an “timpeallacht nimhneach” a bhíonn ann ar na bóithre i leith rothaithe. Dúirt Dimitrinka le NÓS go bhfuil an tuairimíocht ann i measc an phobail rothaíochta sa gcathair go gcaitheann tiománaithe cairr agus feithiclí mótair eile níos measa le rothaithe ban ar na bóithre ná mar a chaitear le rothaithe fear, cé nach ndearnadh aon staidéar eolaíoch faoi sin go fóill.
“D’fhéadfaí a rá gur mar a chéile na constaicí atá roimh rothaithe fear agus rothaithe ban ach d’fhéadfaí an argóint láidir a dhéanamh gur measa seacht n-oiread an scéal do na mná, i ngach aon réimse den rothaíocht, ná mar atá sé do na fir,” a dúirt sí.
Tá beartaithe ag Dimitrinka agus banbhaill eile d’Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath mná nach bhfuil chomh muiníneach sin ar mhuin an chapaill iarainn a thabhairt amach i ngrúpaí beaga timpeall na cathrach go gcuire siad eolas ar Bhaile Átha Cliath mar chathair rothaíochta agus go raibh muinín acu astu féin mar rothaithe cathrach.
I measc na rudaí a eile a luadh ag an gcruinniú bhí ceist na máithreacha a bhíonn ag tabhairt aire dá gasúir. Moladh go dtacófaí le máithreacha, nó le mná eile a bhíonn i bhfeighil ar ghasúir, a bhíonn ag rothaíocht sa gcathair go sábháilte agus na gasúir ar an rothar acu. Tá córais i bhfeidhm san Ísiltír, a dúradh, a ligeann do rothaithe a rothair a pháirceáil ag ionad speisialta agus pram a fháil ar cíos ann sa gcaoi is go mbítear in ann rothaíocht go cathair agus an leanbh i gcathaoir rothair agus siúl timpeall na cathrach agus an leanbh i bpram. Moladh freisin go gcuirfí spásanna páirceála ar fáil saor in aisce do rothaithe ar imeall na cathrach le go mbeifí in ann cuid den turas fada ó bhailte taobh amuigh di a dhéanamh i gcarr agus an chuid eile den turas a dhéanamh ar rothar.
Ceathrar ban a labhair ag an gcruinniú: Anne Bedos, a bhunaigh an fiontar sóisialta ‘Rothar’ deich mbliana ó shin; Barbara Connolly, eagraí náisiúnta Cycle Ireland dá gcúrsa traenála ‘Cycle Right’; Jane Hackett, ón Taisce, a chuireann an rothaíocht chun cinn i scileanna; agus Moire O’Sullivan, údar agus rásaí rothair. Bhí baill de phobal rothaíochta na cathrach i láthair ag an gcruinniú freisin, mná den chuid ba mhó.