Shíl mé go raibh muid ar fad róleisciúil le dul i mbun pinn níos mó. Ní hé nach bhfuil ábhar nimhneach á sheoladh níos mó, ach go raibh bealaí nua-aimseartha cosúil le Twitter agus fóraim eile faighte againn chun an teachtaireacht a sheachadadh ar bhealach níos scafánta.
Is léir go bhfuil níos mó fuinnimh ag lucht gearán CLG ná mar atá ag an gcuid eile againn. Chuir sé iontas orm le seachtain go raibh a scéal féin ag beagnach chuile bhainisteoir idir-chontae ar cuireadh ceist orthu faoi litreacha gránna.
Cén sórt duine a scríobhadh litir mar seo? Tá rud amháin a sheasann amach. Níl aon chnámh droma sa té a scríobhann litir agus nach gcuireann a ainm leis. Níl sé de mhuinéal aige é a rá os ard, ach tá siad breá ábalta é a scríobh i ngan a fhios. Is paranóidigh go leor de na daoine seo. Go minic, is é an t-éad atá ag cur isteach orthu. Ní bhíonn siad mí-cheart riamh, dar leo, agus ní féidir a n-intinn a athrú. Seo hé an cineál duine nach féidir seasamh leis sa mbaile, ach nach ndéarfadh mórán taobh amuigh de thairseach an dorais. Léiríonn an cineál seo iompair nach bhfuil mórán muiníne acu astu féin.
Chuir roinnt daoine pictiúir de na litreacha a fuair siad ar na meáin shóisialta le deireanaí chun léargas a thabhairt dúinn den ábhar a bhíonn iontu. Thabharfá suntas don drochscríbhneoireacht agus don mhílitriú. Cheapfá ar dtús nach raibh mórán éirime sa té a chuaigh i mbun pinn, go dtí go dtuigeann tú gur seans maith go ndearna siad é sin in aon turas, in iarracht fanacht faoi cheilt.
Déantar neamhaird ar an ngramadach agus ar an bpeannaireacht. Mar sin, cé go bhfuil a fhios againn ar fad go bhfuil an té a chum na litreacha seo an-mhíshásta ann féin, chuirfeadh sé imní de chineál ort nuair a thuigeann tú go bhfuil go leor oibre curtha isteach sa litir céanna. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil sé d’am ag duine próifíl gan ainm a chruthú ar an idirlíon, chun trolláil a dhéanamh.
Tá sé ag dul ó mheabhair uilig orm go mbeadh sé d’fhoighne ag duine páipéar agus peann a aimsiú, ábhar na litreach a chumadh, scríbhneoireacht a cheilt, clúdach litreach a fháil, Euro a chaitheamh ar stampa agus é a chaitheamh sa phost i ngan a fhios.
Shílfeá ag tráth éigin sa phróiseas sin go ndéarfadh guth beag éigin i gcúl an chinn go rabhthas gaibhte i bhfad scéil le rudaí? Is dóigh go léiríonn sé sin nach bhfuil an té a dhéanann na rudaí seo ceart. Tá an oiread sin fuath aige dó féin, go mothaíonn sé nach bhfuil sé de rogha aige ach a ghráin a dhíriú ar dhuine éigin eile. Go háirithe nuair is acu atá an ceart.
Más duine thú a rinne é seo, nó más duine thú atá faoi cheilt agus ag maslú daoine ar an idirlíon, nó sa phost, glac leis go bhfuil tú i dtrioblóid agus aimsigh bealach eile chun déileáil leis an easpa cumhachta a mhothaíonn tú i do shaol. Fiú mura bhfaighfidh na húdaráis greim ort, ní féidir éalú ón ngreim atá ar d’anam.