Cén tír ina bhfuil an líon is mó daoine rua?

Deirtear go minic gurb í Alba an tír ‘is rua’ ar domhan, le tír s’againn féin ag teacht sna sála uirthi sa dara háit.

Tá méid suntasach daoine rua i gcodanna den Iorua fosta, mar aon le ceantair sa Rúis, i dtuaisceart na hAfraice agus spréite tríd an Eoraip.

Cén tír ar chlár na cruinne, áfach, a bhfuil an líon is mó daoine le gruaig rua ina gcónaí inti?

Sin díreach an cheist a bhfuil suíomh nua idirlín, redheadmap.com, ag iarraidh a fhreagairt, agus tá do chabhair ag teastáil uathu!

Is fiontar de chuid na hirise rua MC1R é an suíomh, i gcomhpháirt le grúpaí eile do dhaoine rua, agus ba mhian leo gach duine rua ar domhan a chlárú ar léarscáil speisialta ionas go mbeifear in ann a fheiceáil go soiléir cén áit a bhfuil an chlann rua lonnaithe.

learscail-rua

Dar le Red Head Map go bhfuil easpa sonraí cearta ann maidir le minicíocht agus le raon geografach na gruaige rua agus ba mhian leo sin a cheartú leis an chéad léarscáil seo de phobal rua na cruinne.

Chun cuidiú leis an togra agus biorán beag rua a chur ar an léarscáil ar son do ghruaige agus do cheantair féin, níl le déanamh ach d’aois, do láthair agus d’inscne a líonadh isteach ar fhoirm ar an suíomh.

Baileofar an t-eolas de réir a chéile sa tréimhse amach romhainn agus tá súil ag Red Head Map go dtabharfaidh a gcuid oibre léargas níos fearr dúinn ar líon na ndaoine rua ar domhan agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu.

An mbeidh Éire ag barr an liosta?

Más duine bródúil ruafholtach tú, téigh anois go redheadmap.com chun do ghiota a dhéanamh!

SCÉALTA EILE